DAT do chonraitheoirí

Cé na cineálacha maoine a cháilíonn faoi DAT?

Chun cáiliú don scéim DAT, ní mór don duine a bheith mar úinéir na maoine atá tú á deisiú nó á comhshó. Ní mór an mhaoin:

  • a bheith mar phríomháit chónaithe ina bhfuil cónaí ar an úinéir tí
  • a bheith mar dara háit chónaithe an úinéara tí agus a bheidh mar phríomháit chónaithe s’acu tar éis duit an obair a chríochnú
  • a bheith ina maoin chíosa.

Ní mór d’úinéir an tí nó don tiarna talún a bheith cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim mar úinéir nó mar chomhúinéir na maoine.

Maoine nach gcáilíonn

Ní cháilíonn maoine amhail tithe saoire nó tógáil nua don scéim DAT.

Ar aghaidh: Cén uair is gá an obair a bheith curtha i gcrích?