DAT d'úinéirí tí agus tiarnaí talún

Conraitheoir a roghnú don Dreasacht Athchóirithe Tí

Is conraitheoir cáilitheach DAT é conraitheoir atá ag glacadh páirt sa scéim DAT. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an conraitheoir cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) agus go bhfuil siad comhlíontach ó thaobh cánach de.

Tá sé tábhachtach a sheiceáil gur conraitheoir cáilitheach DAT é do chonraitheoir sula dtosaítear an obair. Mura conraitheoir cáilitheach DAT é an conraitheoir, ní bheidh tú in ann an Creidmheas Cánach DAT a éileamh.

Cén chaoi le seiceáil an bhfuil conraitheoir cáilitheach

Beidh a fhios agat má tá do chonraitheoir ina c(h)onraitheoir cáilitheach DAT nuair a sheiceálann tú an córas DAT ar líne. Má fheiceann tú sonraí na hoibre curtha isteach ag an gconraitheoir beidh a fhios agat gur conraitheoir cáilitheach atá ann nó inti.

Mura conraitheoir cáilitheach DAT é conraitheoir, ní bheidh sé nó sí in ann na sonraí a chur isteach trí DAT ar líne.

Céard is gá a dhéanamh sula dtosaíonn an obair

Sula gcuirtear tús le haon obair, ní mór duit:

  • insint don chonraitheoir go mbeidh tú ag déanamh iarratais ar an gCreidmheas Cánach DAT
  • iarraidh ar an gconraitheoir a dheimhniú gur conraitheoir cáilitheach é nó í faoin scéim
  • iarraidh ar an gconraitheoir sonraí na hoibre a chur isteach tríd an gcóras DAT ar líne
  • Uimhir Aitheantais na Maoine a thabhairt do do chonraitheoir (tá d’Uimhir Aitheantais Maoine san áireamh ar na litreacha faoin gCáin Maoine Áitiúil (CMÁ) ó na Coimisinéirí Ioncaim)
  • insint don chonraitheoir más maoin chíosa í.

Céard atá le déanamh ag do chonraitheoir

Ní mór don chonraitheoir ansin sonraí na hoibre a chur isteach trí DAT ar líne. Is fútsa atá sé a dheimhniú go bhfuil sé seo déanta ag an gconraitheoir sula gcuirtear tús leis an obair. Ní mór dó nó di chomh maith sonraí íocaíochta a chur isteach de réir mar a dhéanann tú na híocaíochtaí. Ní bheidh tú in ann an Creidmheas Cánach DAT a éileamh mura ndéanann an conraitheoir é seo.

Tionóntaí údaráis áitiúil

Más tionónta de chuid údarás áitiúil thú, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim sula gcuirtear tús le haon obair.

Ar aghaidh: Cén chaoi leis an gCreidmheas Cánach i leith DAT a éileamh