DAT d'úinéirí tí agus tiarnaí talún

Cén chaoi a n-oibríonn an Dreasacht um Athchóiriú Tí?

Ligeann an DAT duit creidmheas cánach a éileamh le haghaidh 13.5% de chostas iomlán na ndeisiúchán, na n-athchóirithe nó na bhfeabhsuithe. Chun cáiliú don chreidmheas, ní mór gur íoc tú as cineálacha sonracha oibre ar chineálacha sonracha maoine. Ní mór an obair a bheith déanta ag conraitheoir cáilitheach.

Braitheann méid an Chreidmheasa Chánach DAT a fhéadtar a éileamh ar chostas iomlán na n-oibreacha. Tá sonraí faoi na costais seo le fáil sa rannán ar Luach an Chreidmheasa Chánach DAT.

Ar aghaidh: Cé na cineálacha oibre a cháilíonn faoi DAT?