DAT d'úinéirí tí agus tiarnaí talún

Cén chaoi leis an gCreidmheas Cánach i leith DAT a éileamh

Cén uair a fhéadaim an Dreasacht um Athchóiriú Tí (DAT) a éileamh?

Féadtar DAT a éileamh ón 1 Eanáir sa bhliain tar éis gur íocadh as an obair cháilitheach. Ní mór an t-éileamh a dhéanamh taobh istigh de 4 bliana tar éis na bliana a íocadh as an obair incháilithe.

Cén chaoi a gcuirim isteach ar an DAT?

Ní mór duit d’éileamh a dhéanamh tríd an gcóras DAT ar líne. Féadtar teacht ar an tseirbhís trí:

  • moChúrsaí má íocann tú cáin tríd an gcóras ÍMAT, trí chliceáil ar "Dreasacht Athchóirithe Tí" ar an gcárta "Seirbhísí Maoine"
  • Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) má íocann tú cáin tríd an gcóras féinmheasúnaithe.

Tabhair do d’aire

Ní bheidh an cluaisín don DAT le feiceáil ach amháin más custaiméir cláraithe le haghaidh na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) thú.

Sula bhféadfaidh tú d’éileamh a dhéanamh i leith DAT, ní mór nach bhfuil aon tuairisceáin ná íocaíochtaí amuigh agat le haghaidh an CMÁ ná an Mhuirir Teaghlaigh.

Cén chaoi a bhfaighidh mé mo Chreidmheas Cánach DAT?

Gheobhaidh tú do Chreidmheas Cánach DAT thar an dá bhliain tar éis na bliana inar íocadh as an obair. Roinnfear an creidmheas go cothrom idir an dá bhliain. Beidh sé seo ar fáil ar an gcoinníoll gur íoc tú do dhóthain cánach sa dá cheann den dá bhliain seo le go bhféadtar é a éileamh ar ais.

Sa chás nach bhféadtar úsáid iomlán a bhaint as an gcreidmheas sa dá bhliain sin, tabharfar an creidmheas ar aghaidh chuig blianta ina dhiaidh sin. Tá sé seo i gceist do cháiníocóirí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) agus do cháiníocóirí faoin gcóras féinmheasúnaithe araon.

Más tionónta údaráis áitiúil thú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.