DAT d'úinéirí tí agus tiarnaí talún

Léargas ginearálta

Tabhair do d’aire

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh i leith aon obair a chuirtear i gcrích nó a n-íoctar as tar éis 31 Nollaig 2018.

An t-aon eisceacht ón dáta dúnta seo ná má bhí cead pleanála ann lena aghaidh faoin 31 Nollaig 2018. Más ea, aon obair a chuirtear i gcrích idir 1 Eanáir 2019 agus 31 Márta 2019, beidh sí incháilithe le haghaidh an fhaoisimh.

Faoiseamh ó Cháin Ioncaim is ea an Dreasacht um Athchóiriú Tí (DAT) le haghaidh úinéirí áite cónaithe, tiarnaí talún agus tionóntaí údaráis áitiúil. Féadtar an Creidmheas Cánach DAT a éileamh le haghaidh deisiúchán, athchóirithe agus feabhsuithe do do theach nó do mhaoin chíosa.

Chun bheith incháilithe le haghaidh an DAT:

I gcás úinéirí áite cónaithe agus tiarnaí talún, scéim ar líne amháin is ea DAT, mar sin ní mór duit clárú le haghaidh seirbhísí ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim chun éileamh a dhéanamh. Má íocann tú do cháin tríd an gcóras ÍMAT, ní mór duit clárú le haghaidh moChúrsaí. Más faoin gcóras féinmheasúnaithe atá tú, ní mór duit clárú le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Más tionónta údaráis áitiúil thú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-oibríonn an Dreasacht um Athchóiriú Tí?