An Tionscnamh Cathrach Beo (TCB)
Tar éis duit obair a chríochnú ar mhaoin chónaithe
Nuair atá an obair críochnaithe, is gá duit teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil arís chun Litir um Dheimhniú a iarraidh i leith do mhaoine. Ba chóir duit:
- an Uimhir Tagartha Uathúil (UTU) a lua
- costas cruinn na hoibre a dheimhniú.
Is éard a dheimhnítear sa Litir um Dheimhniú ná:
- go bhfuair tú cead pleanála le haghaidh na hoibre nó nach dteastaíonn cead pleanála
- go bhfuil na bunchaighdeáin áiseanna suiteáilte agat maidir le huisce, séarachas agus seirbhísí eile
- gur cosúil go bhfuil costais an athchóirithe nó an chomhshó réasúnach agus nach bhfuil siad iomarcach bunaithe ar an eolas a chuir tú ar fáil.
Nuair a bheidh an obair críochnaithe agus an litir faighte agat, féadtar faoiseamh a éileamh faoin scéim. Le haghaidh Faoiseamh Úinéara–Áititheora Chónaithigh, ní mór í a bheith á húsáid agat mar do phríomháit chónaithe. Le haghaidh Faoiseamh Cónaitheachta ar Cíos, ní mór í a bheith á ligean ar cíos agat le tionónta atá á húsáid mar áit chónaithe.
Má tá an mhaoin chónaithe á hathchóiriú nó á comhshó lena dhíol, ní mór an Litir um Dheimhniú a thabhairt don cheannaitheoir. Leis an Litir um Dheimhniú, ceadaítear don cheannaitheoir an faoiseamh a éileamh.
Seolfaidh na hÚdaráis Áitiúla chuí cóipeanna de gach Litir um Dheimhniú chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Ligeann sé seo dúinn sonraí a bhailiú maidir le roghnú an tionscnaimh agus soláthraíonn sé comhartha luath maidir le héilimh amach anseo.
Ar aghaidh: Coinníollacha i leith éilimh agus úsáid na maoine