An Tionscnamh Cathrach Beo (TCB)
Coinníollacha i leith éilimh agus úsáid na maoine
Coinníollacha maidir le héileamh a dhéanamh
Tá roinnt coinníollacha comónta ann i dtaca le gach ceann de na trí fhaoiseamh a éileamh faoin Tionscnamh Cathrach Beo (TCB). Is é sin:
- nach mór go mbeadh do mhaoin suite taobh istigh de Limistéar Speisialta Athnuachana (LSA)
- ní mór go gcuirfí an obair i gcrích le linn na tréimhse incháilithe
- ní mór go gcosnódh na costais athchóirithe níos mó ná €5,000.
Faoiseamh Úinéara–Áititheoir Chónaithigh
Coinníollacha sonracha chun éileamh a dhéanamh:
- Ní mór do mhaoin a bheith tógtha roimh 1915.
- Ní mór Litir Dheimhnithe i leith na maoine a bheith agat ó d’Údarás Áitiúil.
- Ní mór thusa a bheith ar an gcéad áititheoir tar éis an obair a bheith críochnaithe.
- Ní mór an mhaoin a bheith ar an aon áit chónaithe atá agat nó gurb é do phríomháit chónaithe é.
Má bhogann tú, ach mura ndíolann tú taobh istigh de dheich mbliana tar éis an obair a bheith críochnaithe, féadfaidh sé seo tionchar a imirt ar d’éileamh. Féadtar an faoiseamh a éileamh don bhliain a bhog tú, ar an gcoinníoll gurb é do phríomháit chónaithe ag tráth éigin le linn na bliana. Féadtar an faoiseamh a éileamh don bhliain a bhog tú ar ais, ar an gcoinníoll go mbogann tú ann taobh istigh de dheich mbliana agus gurb é do phríomháit chónaithe é.
Ní fhéadtar an faoiseamh a éileamh ach amháin i leith deich mbliana i ndiaidh a chéile. Mura ndéanann tú éileamh i leith aon bhliana ar leithligh, cailltear an faoiseamh. Murach mar do phríomháit chónaithe é an chéad úsáid a bhaineann tú as an maoin, ní fhéadfaidh tú an faoiseamh a éileamh.
Má fhaigheann tú bás le linn na tréimhse deich mbliana, ní thugtar an faoiseamh ar aghaidh chuig duine eile. Ní fhéadfaidh an faoiseamh a bheith mar chuid d’oidhreacht. Níl aon aisghlámadh ar an bhfaoiseamh atá tugtha cheana féin.
Maoin a dhíol le linn na tréimhse deich mbliana
Má dhíolann tú an mhaoin le linn na tréimhse deich mbliana, ní dhéanfar aisghlámadh ar d’Fhaoiseamh Úinéara-Áititheora. Ní fhéadtar a thuilleadh faoisimh a éileamh ón tráth a stopann an mhaoin a bheith mar an aon áit chónaithe atá agat, nó mar do phríomháit chónaithe.
Ní fhéadfaidh ach an chéad úinéir-áititheoir ar mhaoin faoiseamh a éileamh tar éis é a athrú nó a athchóiriú. Más tú an dara húinéir nó úinéir ina dhiaidh sin ar mhaoin incháilithe, ní fhéadann tú aon fhaoiseamh a éileamh.
An Faoiseamh Cíosa Cónaithe:
Tá coinníollacha sonracha ann chun éileamh a dhéanamh:
- Ní mór do mhaoin a bheith tógtha den chéad uair roimh 1915.
- Ní mór do mhaoin a bheith ligthe ar cíos, tar éis í a athrú nó a athchóiriú, lena húsáid mar áit chónaithe ag an tionónta.
- Ní mór Litir Dheimhnithe a bheith agat ó d’Údarás Áitiúil.
Faoiseamh Tráchtála
Ní mór an mhaoin a úsáid, tar éis í a athrú nó a athchóiriú, ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas:
- chun críocha miondíola
- chun seirbhísí a sholáthar taobh istigh d’Éirinn
- ligthe ar cíos ar théarmaí tráchtála chun na críocha thuas.
Deontais
Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal deontas nó airgead a éileamh nó a fháil i leith an chostais do mhaoin a athrú nó a athchóiriú. Má tá, beidh tionchar aige seo ar an tsuim a fhéadann tú a éileamh faoin TCB.
Faoiseamh Úinéara–Áititheoir Chónaithe
Nuair a bhíonn na costais incháilithe á ríomh agat chun an TCB a éileamh, ní mór duit asbhaintí a dhéanamh i leith gach deontais nó airgead a fhaigheann tú nó atá tú ceadaithe a fháil ón méid seo a leanas:
- an Stát
- aon bhord bunaithe ag an dlí
- aon údarás poiblí.
An Faoiseamh Cíosa Cónaithe agus Faoiseamh Tráchtála
Nuair a bhíonn na costais cháilitheacha á ríomh, ní mór duit d’éileamh TCB a laghdú faoi thrí huaire mhéid an deontais a fuair tú (nó a gheobhaidh tú).
Ar aghaidh: Faoiseamh Úinéara–Áititheoir chónaithigh