Maoin a dhíol, a cheannach nó a aistriú

Tá maoin á ceannach agat ó údarás áitiúil

Faoi reachtaíocht um an CMÁ, foráiltear go bhféadann údaráis áitiúla a gcuid maoine cónaithe uile a luacháil i mbanda luachála 1. Is luach 'náid suas le €100,000' atá i gceist le Banda 1 don dáta luachála 1 Bealtaine 2013 agus 'náid suas le €200,000' don dáta luachála an 1 Samhain 2021. 

Má cheannaíonn tú maoin ó údarás áitiúil:

  • féadfaidh an ceannaitheoir glacadh leis gur dhearbhaigh an t-údarás áitiúil luach margaidh réasúnach i leith na maoine
  • féadfaidh an ceannaitheoir glacadh leis an luacháil banda 1 a dhearbhaigh an tÚdarás Áitiúil, is cuma praghas an díola
  • níl aon CMÁ breise dlite le híoc ag an Údarás Áitiúil más mó praghas an díola ná €100,000
  • féadfaidh an ceannaitheoir leanúint le CMÁ bunaithe ar an luacháil seo a íoc go dtí an chéad dáta eile luachála (1 Samhain 2021)
  • ní theastaíonn imréiteach ginearálta nó sonrach uait ó na Coimisinéirí Ioncaim.