Cáin Mhaoine Áitiúil - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2024

Maoine a bhí faoi dhliteanas CMÁ in 2022

Íocaíocht

Má íocann tú CMÁ cheana féin trí mhodh íocaíochta athfhilltí, tabharfar é seo ar aghaidh go dtí 2024 go huathoibríoch. I measc na modhanna íocaíochta athfhilltí tá:

  • Dochar Díreach (míosúil nó bliantúil)
  • asbhaint ag an bhfoinse ó:
    • do thuarastal, phá nó phinsean ceirde
    • d’íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS)
    • d’íocaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Tabhair do d’aire

Má íocann tú do CMÁ le Dochar Díreach nó Treoir Dochair Bhliantúil agus go bhfuil tú tar éis do sholáthraí bainc athrú le déanaí, ba chóir duit do shonraí bainc le haghaidh CMÁ a thabhairt cothrom le dáta. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Do shonraí bainc le haghaidh CMÁ a thabhairt cothrom le dáta.

Má d’íoc tú do CMÁ tr mhodh íocaíochta neamh-athfhilltí, is gá duit socruithe a dhéanamh chun do CMÁ le haghaidh 2024 a íoc. Is gá duit rochtain ar do thaifead maoine leis na Coimisinéirí Ioncaim agus do mhodh íocaíochta is rogha leat a roghnú do 2024.

Is cuma cén chaoi ar íoc tú do CMÁ i leith 2023, féadfaidh tú modh íocaíochta éagsúil a roghnú le haghaidh 2024. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Do mhuirear CMÁ a íoc.

Tuairisceán CMÁ

Má bhí do mhaoin ina maoin chónaithe ar an 1 Samhain 2022, bhí sí faoi dhliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) in 2023. Ba chóir go mbeadh do Thuairisceán CMÁ tíolactha agat don tréimhse 2022 go 2025. Má tá an tuairisceán CMÁ seo tíolactha agat, ní gá duit tuairisceán nua a thíolacadh in 2024.

Tabhair do d'aire

Mura bhfuil do Thuairisceán CMÁ don tréimhse 2022 go 2025 tíolactha agat go fóill, ba chóir duit é sin a dhéanamh láithreach.

Luacháil do mhaoine

Tá do mhuirear CMÁ le haghaidh 2022 go dtí 2025 bunaithe ar do luacháil ar do mhaoin amhail an 1 Samhain 2021. Níl ort athbhreithniú a dhéanamh ar do luacháil fiú má tháinig méadú ar luach do mhaoine ón 1 Samhain 2021. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Do mhaoin a luacháil.

Díolúintí CMÁ

Má bhain tú leas as an díolúine CMÁ in 2023, tabharfar é ar aghaidh go dtí 2024. Ba chóir duit a chinntiú go gcomhlíonann tú na coinníollacha cáilithe don díolúine ábhartha.

Iarchur CMÁ

Má d’éiligh tú iarchur CMÁ in 2023, tabharfar é ar aghaidh go dtí 2024. Ba chóir duit a chinntiú go leanann tú den chritéir cháilitheachta le haghaidh iarchur CMÁ a chomhlíonadh.