An Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste (Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – FCF)

An bhfuil tú incháilithe le haghaidh Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste?

Féadfar iasacht chun ceannach, deisiú, forbairt nó feabhsú cáiliú le haghaidh faoisimh do na blianta 2004 agus 2012 san áireamh. Ní mór gurbh i leith 

  • d’áit chónaithe
  • áit chónaithe d’iarchéile nó d’iarpháirtnéara shibhialta nó do chéile nó do pháirtnéara shibhialta scartha
  • áit cónaithe gaoil cleithiúnaigh a bhfuil tú ag éileamh Creidmheas Cánach Gaoil Cleithiúnaigh ina leith

ar tógadh an iasacht seo amach.

Áit chónaithe is ea teach, árasán, nó teach soghluaiste atá ar láthair bhuan. Ní mór go mbeadh uisce nó seirbhísí eile ceangailte dó.

Féadtar an faoiseamh a éileamh má tá cónaí ort in Éirinn ach tú ag obair sa Ríocht Aontaithe. Ní mór go mbeadh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) agat chun eileamh a dhéanamh ar an faoiseamh.

Iasachtaí a tógadh amach roimh 2004

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh ach amháin i leith iasacht bhreise nó i leith iasacht scaoilte gnáthscaireanna. Ní mór gur tógadh na hiasachtaí seo amach idir 2004 agus 2012 agus an dá bhliain sin san áireamh i leith iasacht roimh 2004. Ní mór an iasacht seo a bheith úsáidte agat chun d’áit chónaithe a dheisiú nó a fheabhsú.

Iasachtaí a tógadh amach tar éis 31 Nollaig 2012

I gcúinsí áirithe, féadtar Faoiseamh i leith Ús ar Mhorgáiste a éileamh le haghaidh na mblianta 2013 go 2020 i dtaca le:

  • iasacht a tógadh amach in 2013 chun d’áit chónaithe a thógáil ar láthair a cheannaíodh ag baint úsáid as iasacht a tógadh amach in 2012
  • iasacht chun d’áit chónaithe a dheisiú, a fhorbairt nó a fheabhsú, sna cásanna seo a leanas amháin:
    • bhí ceadú don iasacht ar bun in 2012
    • d’úsáid tú cuid den iasacht in 2012
    • d’úsáid tú iarmhéid na hiasachta in 2013.

Ní mór aon chead pleanála iarrtha a bheith faighte ar 31 Nollaig 2012 nó dá éis chun bheith incháilithe don fhaoiseamh. 

Meastar an iasacht a bheith tógtha amach agat in 2012 más rud é go gcomhlíonann tú na coinníollacha seo a leanas.

Ar aghaidh: Cé na cineálacha iasachtaí nach gcáilíonn?