An Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste (Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – FCF)

Cén chaoi a ndéantar an Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste a ríomh?

Féadtar faoiseamh cánach a éileamh ar an méid úis a íoctar go hiarbhír leat in aon bhliain chánach amháin (bliain féilire) ar iasacht tithíochta cháilitheach.

Tá an faoiseamh faoi réir rátaí agus tairseacha ag brath ar bhliain an cheannaigh.

Leanann an faoiseamh ar aghaidh go dtí deireadh 2020 le haghaidh iasachtaí a thógtar amach idir 2004 agus 2012 agus an dá bhliain sin san áireamh.

Is éard a bhíonn mar thoradh ar aon íocaíochtaí morgáiste a chailliúint nó a bheith déanach ná go mbíonn faoiseamh laghdaithe i gceist nó nach n-íoctar é, mar sin ba chóir teagmháil a dhéanamh le d’iasachtóir má bhíonn aon cheisteanna íocaíochta agat.

Ceannaitheoirí céaduaire

An ráta faoisimh reatha atá iníoctha do na chéad seacht mbliana ná:

  • 25% le haghaidh bhliain a haon agus a dó
  • 22.5% le haghaidh bhliain a trí, a ceathair agus a cúig
  • 20% le haghaidh bhliain a sé agus a seacht.

Má cheannaigh tú do chéad áit chónaithe idir 2004 agus 2008 agus an dá bhliain sin san áireamh, an ráta faoisimh do na blianta cánach 2012 go 2020 ná 30%.

An t-ús uasta a bhfuil faoiseamh cánach iníoctha air go deireadh 2020 ná:

  • €10,000 i gcás duine pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, baintreach, nó páirtnéir sibhialta marthanach
  • €5,000 i gcás duine singil.

Féach an leathanach Tairseacha agus Rátaí sa rannán seo chun eolas a fháil ar na tairseacha atá i bhfeidhm do gach bliain.

Tar éis bhliain a seacht, filleann na rátaí agus na tairseacha don fhaoiseamh ar na cinn úd a bhaineann le ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí céaduaire iad.

Féadtar méid iomlán an fhaoisimh a éileamh atá dlite más rud é:

  • go ngníomhaíonn tuismitheoir mar chomh-mhorgáisteoir nó mar ráthóir le haghaidh ceannaitheoir céaduaire
  • nach n-íocann an tuismitheoir aon chuid den mhorgáiste.

Féadtar teagmháil a dhéanamh leis an Líne Chabhrach don Fhaoiseamh Cánach ag an bhFoinse ar 01 7383663 chun tuilleadh eolais a fháil ar a bhfuil thuas.

Ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí céaduaire iad

An ráta faoisimh a íoctar ar iasachtaí tithíochta cáilitheacha faoi láthair ná 15%.

An t-ús uasta a bhfuil faoiseamh cánach iníoctha air go deireadh 2020 ná:

  • €3,000 i gcás duine pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, baintreach, nó páirtnéir sibhialta marthanach
  • €1,500 i gcás duine singil.

Rátaí níos airde agus tairseacha níos lú feidhmithe ar feadh roinnt blianta roimh 2009.

Féach an leathanach Tairseacha agus Rátaí sa rannán seo chun eolas a fháil ar na tairseacha atá i bhfeidhm do gach bliain.

Féadtar teagmháil a dhéanamh leis an Líne Chabhrach don Fhaoiseamh Cánach ag an bhFoinse ar 01 738 36 63 chun tuilleadh eolais a fháil.

Ar aghaidh: Tairseacha agus rátaí