An Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste (Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – FCF)

Cén chaoi a n-éilítear an Faoiseamh Canach i leith Ús Morgáiste?

Ní fhéadtar  Faoiseamh i leith Ús ar Mhorgáiste a éileamh ach amháin ar líne. Níor cheart an tairseach seo a úsáid ach amháin má tá FCF á éileamh agat don bhliain 2020, don scéim FCF roimhe seo a scoireadh ar an 31 Nollaig 2020.

Tabhair do d'aire

Fógraíodh Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste sealadach nua i mBuiséad 2024. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste. Tá an tairseach ar líne dá dtagraítear thuas chun Faoiseamh i leith Ús ar Mhorgáiste a éileamh le haghaidh 2020. Níor chóir é a úsáid chun an Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste sealadach nua a éileamh.

Sula ndéanann tú iarratas, teastóidh d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) agus sonraí maidir le gach iasacht roimhe seo i leith na maoine seo mar a sholáthraíonn d’iasachtóir iad.

Nuair atá tú ar líne, féadtar:

  • éileamh a dhéanamh i leith ús a íocadh i mblianta roimhe seo (suas go dtí na ceithre bliana roimhe seo) ar an morgáiste seo
  • iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh i leith iasacht bhreise d’iasacht a bhí ann roimhe seo
  • sonraí a leasú más rud é go bhfuil tú tar éis bogadh ó iasachtóir amháin go hiasachtóir eile, nó d’aistrigh tú iasachtaí leis an iasachtóir céanna, ach murar bhog tú d’áit chónaithe
  • agus
  • dhá iasacht nó níos mó a chomhdhlúthú isteach in aon iasacht amháin urraithe in aghaidh d’áit chónaithe.

Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, féadfaidh tú do chuid sonraí a thíolacadh ar aon iarratas amháin. I ngach cás eile comh-iasachta, ní mór do gach duine aonair iarratas ar leithligh a thíolacadh ar líne.

Ón uair a bheidh an faoiseamh deonaithe, leanfaidh d’iasachtóir ar aghaidh ag feidhmiú an fhaoisimh go huathoibríoch gach bliain.

Céard atá le deanamh má athraíonn do mhorgáiste?

Ba chóir duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi aon athruithe do do mhorgáiste.

Samplaí d’athruithe is ea:

  • iasacht bhreise ar do mhorgáiste i leith na maoine atá agat cheana féin
  • morgáiste nua a bheith tógtha amach agat
  • mura bhfuil d’iasacht bailí a thuilleadh le haghaidh Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (CFC).

Ba chóir duit TRS4 a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an seoladh ar an bhfoirm.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ndéantar an Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste a ríomh?