An Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste (Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – FCF)

Tairseacha agus rátaí

Bhí sé i gceist go dtiocfadh deireadh leis an bhfaoiseamh cánach ar ús morgáiste ag deireadh 2017, ach cuireadh síneadh leis go dtí deireadh 2020, ach ar bhonn laghdaitheach. Tá sé seo i bhfeidhm dóibh siúd uile a fhéadann an faoiseamh a éileamh.

Ní bheidh aon fhaoiseamh ar fáil ó 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.

Beidh laghdú sa chéatadán úis a cháilíonn don fhaoiseamh mar seo a leanas:

  • 75% den fhaoiseamh reatha go 2018
  • 50% go 2019
  • 25% go 2020.

Laghdófar, chomh maith, na tairseacha úis nó an t-uasmhéid úis incheadaithe do na trí bliana.

Uasteorainneacha do na blianta 2018–2020 de réir na n-athruithe ón Acht Airgeadais, 2017. Baineann na huasteorainneacha le hiasachtaí a tógadh amach idir 2004 agus 2012 

Ceannaitheoirí Céaduaire - Iasachtaí a tógadh amach idir 2004 agus 2012
Bliain chánachPósta, Páirtnéir Sibhialta nó BaintreachDuine Singil
2018 €15,000 €7,500
2019 €10,000 €5,000
2020 €5,000 €2,500
Ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí céaduaire iad - iasachtaí a tógadh amach idir 2004 agus 2012
Bliain chánachPósta, Páirtnéir Sibhialta nó BaintreachDuine Singil
2018 €4,500 €2,250
2019 €3,000 €1,500
2020 €1,500 €750

Léirítear sna samplaí thíos an chaoi le d’fhaoiseamh i leith ús ar mhorgáiste ó 2018 ar aghaidh a ríomh.

Tairseacha agus rátaí suas le deireadh 2020

Is ar an méid seo thíos a bhraitheann na tairseacha don mhéid úis íoctha a cháilíonn le haghaidh faoiseamh cánach:

  • má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta, nó singil
  • más ceannaitheoir céaduaire thú.

Ceannaitheoirí céaduaire

Más ceannaitheoir céaduaire thú, laghdófar do thairseach tar éis seacht mbliana den fhaoiseamh a éileamh.

I gcás duine aonair, laghdaíonn sé ó €10,000 go €3,000.

I gcás iad siúd atá pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta, ina mbaintreacha, nó ina páirtnéirí sibhialta marthanacha, laghdaíonn sé ó €20,000 go €6,000.

Léirítear sna táblaí thíos na rátaí faoisimh ó 2010. Féadtar teacht ar na rátaí roimh an dáta seo sa treoirlíne ar fhaoiseamh ó ús íoctha ar iasachtaí tithíochta áirithe.

Rátaí faoisimh atá i bhfeidhm le haghaidh iasachtaí a tógadh amach idir 2004 agus 2012.

Ceannaitheoirí Céaduaire - Iasachtaí a tógadh amach idir 2004 agus 2012 (clúdaíonn an tábla na blianta 2010–2012)
Bliain ChánachPósta/Páirtnéir Sibhialta/BaintreachDuine Singil

An tAcht Airgeadais, 2010

Iasachtaí a tógadh amach

1/1/2004–31/12/2011

(tabhair do d’aire na hathruithe leis an Acht Airgeadais, 2012)

Faoiseamh @:

- 25% (bliain 1 agus 2)

- 22.5% (bliain 3, 4 agus 5)

- 20% (bliain 6 agus 7)

Faoiseamh @:

- 25% (bliain 1 agus 2)

- 22.5% (bliain 3, 4 agus 5)

- 20% (bliain 6 agus 7)

An tAcht Airgeadais, 2012

Iasachtaí a tógadh amach

01/01/2012–31/12/2012

Faoiseamh @:

- 25% (bliain 1 agus 2)

- 22.5% (bliain 3, 4 agus 5)

- 20% (bliain 6 agus 7)

Faoiseamh @:

- 25% (bliain 1 agus 2)

- 22.5% (bliain 3, 4 agus 5)

- 20% (bliain 6 agus 7)

An tAcht Airgeadais, 2012

Iasachtaí a tógadh amach idir 2004 agus 2008

agus an dá bhliain sin san áireamh agus a úsáidtear chun

an chéad áit chónaithe phríobháideach phríomha (ACPP) a cheannach do dhuine

nó an dara ACPP sa chás go raibh an chéad

ACPP ceannaithe tar éis 01/01/2004

Faoiseamh @ 30% ó 2012 ar aghaidh Faoiseamh @ 30% ó 2012 ar aghaidh

Ceannaitheoir nach ceannaitheoir céaduaire iad

Más ceannaitheoir nach ceannaitheoir céaduaire thú, is é an uasteorainn do dhuine aonair ná €3,000.

Dóibh siúd atá pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta, baintreacha, nó páirtnéirí sibhialta marthanacha, €6,000 atá ann.

Ceannaitheoir nach ceannaitheoir céaduaire iad - Iasachtaí a tógadh amach idir 2004 agus 2012 (clúdaíonn an tábla na blianta 2010–2012)
Bliain ChánachPósta, Páirtnéir Sibhialta nó BaintreachDuine Singil

An tAcht Airgeadais, 2010

Iasachtaí a tógadh amach idir 1/1/2004 agus 31/12/2011

(tabhair do d’aire na hathruithe leis an Acht Airgeadais, 2012)

Faoiseamh @ 15% Faoiseamh @ 15%

An tAcht Airgeadais, 2012

Iasachtaí a tógadh amach idir 01/01/2012 agus 31/12/2012

Faoiseamh @ 15% Faoiseamh @ 15%

An tAcht Airgeadais, 2012

Iasachtaí a tógadh amach idir 2004 agus 2008, lena n-áirítear iasachtaí a úsáidtear chun áit chónaithe phríobháideach phríomha (ACPP) a cheannach do dhuine nó an dara ACPP sa chás gur ceannaíodh an chéad ACPP tar éis 01/01/2004

Faoiseamh @ 30% ó 2012 ar aghaidh Faoiseamh @ 30% ó 2012 ar aghaidh