An Faoiseamh Cánach i leith Ús Morgáiste (Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – FCF)

Cé na cineálacha iasachtaí nach gcáilíonn?

Ní cháilíonn na hiasachtaí seo a leanas le haghaidh Faoiseamh i leith Ús ar Mhorgáiste:

  • iasachtaí a thógtar amach tar éis 31 Nollaig 2012
  • iasachtaí a thógtar amach roimh 1 Eanáir 2004
  • iasachtaí a thógtar amach ar mhaoine:
    • nach d’áit chónaithe iad
    • nach áit chónaithe do iarchéile nó d’iarpháirtnéara shibhialta, nó do chéile nó do pháirtnéara shibhialta scartha
    • áit chónaithe gaoil chleithiúnaigh a bhfuil tú ag éileamh Creidmheas Cánach Gaoil Chleithiúnaigh ina leith
  • agus
  • iasachtaí le haghaidh maoin infheistíochta, cíosa nó an dara maoin.

Ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas trí Fhoirm TRS4 a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an seoladh atá luaite ar an bhfoirm má tá tú ag fáil Faoiseamh i leith Ús ar Mhorgáiste:

  • ar mhaoin nach d’áit chónaithe í a thuilleadh. Sampla ná dá mbeifeá tar éis bogadh amach agus an mhaoin a ligean ar cíos
  • ar mhaoin nach d’áit chónaithe í riamh
  • agus, nó
  • ar iasacht a úsáideadh chun costais a chlúdach nach mbaineann leis an teach, mar shampla, saoire nó carr. Sa chás seo, ní fhéadtar faoiseamh a éileamh ach i leith an sciar sin den iasacht a úsáideadh ar d’áit chónaithe.

Mura gcuireann tú na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas ar bhealach tráthúil nó éifeachtúil, féadtar aon fhaoiseamh a fuair tú a éileamh agus a bhailiú trí imeachtaí cúirte.

Féadfaidh sé go mbeidh ort ansin costais chúirte a íoc, chomh maith leis an bhfaoiseamh ró-íoctha.

Más do ghnó é maoin a ligean ar cíos, tá faoiseamh i leith morgáiste ar fáil tríd an gcóras cánach. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuilleadh eolais.

Cén chaoi a ndéantar Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF) a ró-íocadh a aisíoc?

Féadtar aon FCF a ró-íocadh a aisíoc ar líne trí moChúrsaí nó:

  • trí chárta dochair nó creidmheasa
  • trí Threoir Dochair Aonair a líonadh isteach agus cuntas bainc á úsáid.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-éilítear an Faoiseamh Canach i leith Ús Morgáiste?