Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC)

  1. Léargas ginearálta
  2. Dáta dlite CTCC agus maoine eisiata
  3. Clárú le haghaidh CTCC

Dáta dlite CTCC agus maoine eisiata

Gearrfar Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC) ar an 1 Feabhra 2024 don chéad uair. Má tá úinéireacht agat ar thalamh ar an dáta sin, féadfaidh sé go mbeifeá faoi dhliteanas CTCC do 2024. Beidh talamh faoi réir CTCC má bhí sé seirbhísithe agus criosaithe le haghaidh úsáid chónaitheach, ar nó roimh an 1 Eanáir 2022. Ní mór duit tuairisceán a thíolacadh agus aon CTCC atá dlite i leith 2024 a íoc faoin 23 Bealtaine 2024.

Tiocfaidh talamh a chriosófar le haghaidh úsáid chónaitheach tar éis 1 Eanáir 2022 de bheith faoi dhliteanas CTCC. Tarlaíonn sé seo trí bliana tar éis na bliana go dtagann sé faoi scóip na cánach.

Maoine eisiata ón CTCC

Eisiatar maoine áirithe ar nós maoine cónaithe atá ann cheana féin ón CTCC. D’fhéadfadh maoine cónaithe atá ann cheana féin a bheith léirithe ar léarscáileanna na n-údaráis áitiúla. 

Níl maoine chónaithe atá faoi dhliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) faoi réir CTCC. Mar sin féin, má tá do ghairdín nó do chlós níos mó ná 0.4047 heicteár (nó acra), ní mór duit clárú le haghaidh CTCC. Níl aon CTCC iníoctha ag úinéirí na maoine seo.

D’fhéadfadh feidhm a bheith ag eisiamh eile. Chun tuilleadh eolais a fháil orthu seo, féach Tax and Duty Manual.

Ar aghaidh: Clárú le haghaidh CTCC