Clár CTCC

Coinníonn agus foilsíonn na Coimisinéirí Ioncaim clár ráithiúil de láithreacha ábhartha atá faoi réir na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC).

Áirítear sa chlár CTCC an fhaisnéis seo a leanas, arna soláthar ag an duine atá faoi dhliteanas i leith gach láithreán ábhartha:

  • Seoladh an láithreáin ábhartha.
  • Aitheantas uathúil a sannadh don láithreán, ar a dtugtar  uimhir fóilió go minic (i gcás go bhfuil an talamh cláraithe agus go bhfuil uimhir fóilió leis).
  • Luach margaidh an láithreáin ábhartha.
  • Dáta luachála do gach tuairisceán CTCC.
  • Achar an tsuímh ábhartha i heicteáir.
  • Limistéar an Údáráis Áitiúil ina bhfuil an láithreán suite.