Aisíocaíocht Dleachta Stampa faoi Shocruithe Ceannaigh Teaghaise Inacmhainne (S83DA)

Cén chaoi a ndéantar éileamh?

Féadtar éileamh a dhéanamh ar líne trí Revenue Online Service (ROS) nó moChúrsaí trí úsáid a bhaint as an gcóras ríomh-Aisíocaíochtaí.

Is gá na doiciméid seo a leanas a uaslódáil agus tú ag déanamh éileamh:

  • Dearbhú sínithe
  • Cóip den chomhaontú díolacháin dhírigh leis an údarás tithíochta.
  • Cóip den Chonradh Díolacháin forghníomhaithe idir an t-éilitheoir agus an ceannaitheoir tithe incheannaithe (iarratasóir incháilithe).
  • Foirm toilithe shínithe, má tá níos mó ná duine cuntasach amháin ann. Ba chóir do gach duine cuntasach aontú cé a dhéanfaidh an t-éileamh agus a gheobhaidh an aisíocaíocht. Ba chóir do gach duine cuntasach an fhoirm toilithe a shíniú.

Ceadóidh muid éileamh bailí ar líne agus déanfaidh muid an aisíocaíocht a lóisteáil i gcuntas banc an iarratasóra.

Má dhiúltaíonn na Coimisinéirí Ioncaim d’éileamh, cuirfidh muid na cúiseanna in iúl duit. Tá an ceart agat achomharc i gcoinne diúltú d’éilimh a dhéanamh leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Tá feidhm ag pionós sa chás go ndéantar éileamh mícheart. Tá feidhm aige seo sa chás go ndéanann éilitheoir dearbhú bréagach go feasach nó go dtaispeánann sé neamhaird mheargánta ar an bhfírinne. Is é an pionós atá iníoctha ag an éilitheoir ná 125% den Dleacht Stampa nár chóir a aisíoc, móide ús. Gearrtar ús ar an méid sin ag ráta laethúil 0.0219%. Tá ús inmhuirir ón dáta a rinneadh an aisíocaíocht go dtí an dáta a íoctar an pionós leis na Coimisinéirí Ioncaim.