Dleacht Stampála a aisíoc sa chás go n-úsáidtear talamh le haghaidh forbartha cónaithe (S83D)

Coinníollacha chun aisghlámadh aisíocaíochta a sheachaint

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíocht Dleachta Stampála a aisghlámadh (a tharraingt siar) i gcás ina n-éilíonn tú aisíocaíocht nach raibh tú ina teideal. Mar shampla, murar thosaigh tú an obair thógála de bhun fógra um thosach feidhme.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíocht Dleachta Stampála a aisghlámadh freisin mura gcomhlíonann tú na coinníollacha chun aisghlámadh aisíocaíochta a sheachaint. Tá feidhm ag Coinníoll 1 maidir le gach forbairt chónaithe. Níl feidhm ag Coinníoll 2 ach maidir le forbairtí ilaonad.

Níor cheart aisíocaíocht a éileamh i gcás ina bhfuil sé ar eolas nó ina bhfuiltear ag súil nach gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha chun aisghlámadh aisíocaíochta a sheachaint.

Sa chás go ndéantar aisíocaíocht a aisghlámadh, ní mór duit méid na Dleachta Stampála a aisíocadh leat a aisíoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, móide ús. Gearrtar ús ar mhéid an aisghlámtha ag ráta laethúil 0.0219% go dtí go n-aisíocann tú é leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Coinníoll 1 – críochnú laistigh de thréimhse shonraithe

Ní mór an obair thógála a chríochnú laistigh de 30 mí ón dáta a admhaíonn an t-údarás rialaithe foirgníochta go bhfuil an fógra um thosach feidhme bailí. Cuirtear síneadh leis an tréimhse ama seo go 36 mí i gcás inar forbairt chónaithe ar mhórscála í an fhorbairt.

Nuair a chríochnaítear obair thógála ilaonad, ní mór duit ‘Deimhniú Comhlíontachta ar Chríochnú’ a thíolacadh do d’Údarás Áitiúil. Is é an dáta críochnaithe an dáta a chláraíonn d’Údarás Áitiúil an deimhniú.

Má thógtar aonad teaghaise aonair, féadtar roghnú gan a bheith páirteach i bpróiseas deimhniúcháin an Údaráis Áitiúil. Má dhéanann tú gan a bheith páirteach, is é an críochnaithe dáta an ‘Deimhnithe Críochnaithe Leictreachais’. Faightear an deimhniú seo nuair atá an teach ceangailte leis an líonra leictreachais.

Sampla 1

Ceannaíonn Orla suíomh ar an 12 Deireadh Fómhair 2022 agus íoctar Dleacht Stampála. Tar éis cead pleanála a fháil chun teach a thógáil ar an suíomh, cuireann Orla fógra um thosach feidhme ar fáil lena húdarás áitiúil. Admhaítear go bhfuil sé seo bailí an 10 Márta 2023. Tá 30 mí ag Orla ón dáta seo chun an obair thógála a chríochnú, rud a chiallaíonn nach mór í a chríochnú faoin 10 Meán Fómhair 2025.

Tosaíonn Orla ar an obair thógála láithreach agus tá sí i dteideal aisíocaíocht a éileamh.

Tógann na hoibreacha tógála níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis, áfach. Ní chríochnaítear an teach go dtí an 18 Samhain 2025, 32 mí tar éis gur aithníodh go raibh an fógra um thosach feidhme bailí. Ciallaíonn sé seo go n-aisghlámfar an aisaíocaíocht.

Coinníoll 2 - tastáil 75%

I gcás forbairtí ilaonad, ní mór an 'tástáil 75%' a chomhlíonadh. Tá dhá thástáil ann a fhéadtar a úsáid chun an tástáil 75% a chomhlíonadh:

  • Tástáil loirg - ní mór go mbeadh 75% ar a laghad den achar dromchla iomlán clúdaithe ag na aonaid teaghaise. Baineann sé seo le tithe de ghnáth.
  • Tástáil ollspáis úrláir - ní mór do na haonaid teaghaise an t-achar comhlán urláir a chlúdach. Is é seo an t-achar a chumhdaítear le tomhais inmheánacha spáis urláir gach urlár d'aonad teaghaise. Áirítear na ballaí inmheánacha agus na landairí sa tomhas. Baineann sé seo le bloic árasán de ghnáth.

Sampla 2

Cheannaígh tógálaí suíomh 0.5 heicteár ar €1,000,000 ar a bhfuil sé beartaithe aige 20 teach a thógáil. Íocann sé an Dleacht Stampála agus éilíonn sé aisíocaíocht faoin scéim aisíocaíochta.

Tar éis an obair a chríochnú, clúdaíonn na tithe agus a gcúirtealáiste 60% den suíomh, in ionad an 75% riachtanach. Aisghlámfar an aisaíocaíocht.

Níl feidhm ag an tástáil 75% seo maidir le haonaid teaghaise aonair. I gcás aonad teaghaise aonair, féadtar aisíocaíocht a éileamh i leith an achair atá clúdaithe ag an teach féin ('lorg' an tí) agus suas le 0.4047 heicteár (acra amháin).

Le haghaidh treoir mhionsonraithe maidir leis na coinníollacha seo, féach doiciméad Treorach na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Forbairt chónaithe a thógtar i gcéimeanna