Dleacht Stampála a aisíoc sa chás go n-úsáidtear talamh le haghaidh forbartha cónaithe (S83D)
Coinníollacha aisíocaíochta do gach éilitheoir
Chun cáiliú d'aisíocaíocht faoi alt 83D, ní mór roinnt coinníollacha a chomhlíonadh. Is iad seo a leanas na príomhchoinníollacha:
Ní mór duit talamh neamhchónaithe a bheith faighte agat (trí dhíol nó trí bhronntanas), ar an 11 Deireadh Fómhair 2017, nó dá éis. Is é an dáta fála an dáta a fhorghníomhaítear tíolacas nó aistriú na talún.
- Ní mór Tuairisceán Dleachta Stampála a bheith tíolactha agat agus an Dleacht Stampála a bheith íoctha go hiomlán ag na rátaí neamhchónaithe (7.5% faoi láthair).
- Ní mór duit an talamh a úsáid le haghaidh forbairt chónaithe, ina bhféadtar aonaid teaghaise iomadúla nó aonad teaghaise amháin a bheith ann.
- Laistigh de 30 mí ón talamh a fháil agus faoin 31 Nollaig 2030, ní mór duit obair thógála a thosú ar an talamh de bhun fógra um thosach feidhme. I gcás inar forbairt chónaithe ar mhórscála (FCM) í an forbairt, cuirtear síneadh leis an tréimhse ama seo go 36 mí.
- Ní mór duit an aisíocaíocht a éileamh laistigh de cheithre bliana ón dáta a admhaíonn an t-údarás rialaithe foirgníochta ábhartha an fógra um thosach feidhme.
I gcás ina dtógann tú forbairt chónaithe i dhá chéim nó níos mó, tá an riail maidir le tosach feidhme difriúil. Ní mór duit obair thógála a thosú ar an gcéad chéim laistigh de 30 mí (36 mí i gcás FCM) ón dáta fála. Féadtar tús a chur le céimeanna ina dhiaidh sin lasmuigh den tréimhse tosaigh um thosach feidhme, ach ní mór tús a chur le gach céim faoin 31 Nollaig 2030.
Cuirtear tús le hobair thógála nuair a tharlaíonn an méid seo a leanas:
- glanadh suímh
- draenáil
- créchartadh
- tochailt
- agus/nó
- bunsraith a leagan síos.
Folaíonn sé chomh maith soláthar rochtana, amhail bóithre.
Tabhair do d'aire
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisghlámadh (tarraingt siar) ar aisíocaíocht Dleachta Stampála mura gcomhlíonann tú coinníollacha áirithe. Níor cheart aisíocaíocht a éileamh i gcás ina bhfuil sé ar eolas nó ina bhfuiltear ag súil nach gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha chun aisghlámadh aisíocaíochta a sheachaint.
Le haghaidh treoir mhionsonraithe maidir leis na coinníollacha seo, féach doiciméad Treorach na gCoimisinéirí Ioncaim.
Ar aghaidh: Fógra um Thosach Feidhme