Bronntanais agus oidhreachtaí

Oidhreachtaí

Ní íoctar Dleacht Stampála ar mhaoin a fhaightear mar oidhreacht ó uacht nó ó dhíthiomnacht. Is éard is díthiomnacht ann ná nach bhfuil uacht ann nó go bhfuil an uacht a rinneadh neamhbhailí. Níl ort Tuairisceán Dleachta Stampála a thíolacadh.

É sin ráite, má fhaigheann tú níos mó ná do theidlíocht shonrach faoi uacht nó díthiomnacht, íocfaidh tú Dleacht Stampála ar méid 'sa bhreis'.  Is éard is meid 'sa bhreis' ann ná aon rud a fhaigheann tú sa bhreis ar do theidlíocht shonrach faoin uacht nó faoin díthiomnacht.

Sa chás go bhfuil airgead íoctha ag an tairbhí go dtí ionadaithe pearsanta, tá Dleacht Stampála inmhuirir ar an méid a d’íoc an tairbhí.

Ní mheasfar gur bronntanas atá ann má tá an méid íoctha ag an tairbhí níos lú na an luach margaidh.