Stamp Duty on Assignment of Insurance Policy

Tá sannadh polasaí árachais inmhuirir i leith Dleachta Stampála ag ráta 0.1% den chomaoin.

Má tá an riosca lena mbaineann an polasaí lonnaithe in Éirinn, baineann an muirear le sannadh an dá cheann:

  • polasaithe árachais saoil
  • agus
  • polasaithe árachais neamhshaoil

I gcás nach bhfuil sannadh ar chomhaoin luachmhar (mar shampla, bronntanas), gearrtar Dleacht Stampála ar luach an pholasaí. Tá an riail seo faoi réir eisceachtaí áirithe. Mar shampla, más é cuspóir an tsannta aisíocaíocht iasachta a urrú, níl aon Dleacht Stampála inmhuirir.

I gcás a bhfuil sannadh inmhuirearaithe i leith Dleachta Stampála, is gá an Dleacht Stampála a íoc agus tuairisceán a thíolacadh. Ní mór é sin a dhéanamh laistigh de 30 lá trí chóras Córas ríomhstampála na gCoimisinéirí Ioncaim.

I gcás ina bhfuil díolúine ó Dhleacht Stampála ar shannadh i bhfeidhm, d'fhéadfadh sé nach mbeadh ort tuairisceán a thíolacadh. Mar shampla, bheadh díolúine i bhfeidhm maidir le sannadh idir céilí, agus i gcás den sórt sin, ní gá tuairisceán a thíolacadh. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le cathain a bhíonn tuairisceán de dhíth, féach an Tax amd Duty Manual Obligation to file a Stamp Duty Return.

Chun treoir a fháil maidir le conas íoc agus tíolacadh trí chóras ríomhstampála na gCoimisinéirí Ioncaim, féach na Lámhleabhair Chánach agus Dleachta: