Trádáil Leictreonach Scaireanna (CREST)

Léargas ginearálta

CREST is ea an córas leictreonach imréitigh trína socraítear aistrithe scaireanna a ndéileáltar leo ar mhalartáin roghnaithe.

Tagann muirear Dleachta Stampa 1% aníos nuair a tharlaíonn an t-aistriú d’urrúis Éireannacha go leictreonach tríd an gcóras leictreonach imréitigh CREST.

Faoi Rialacháin 1996 (I.R. Uimhir 68 de 1996) d’Acht na gCuideachtaí, 1990 (Urrúis Neamhdheimhnithe), tá rogha ar fáil do chuideachtaí Éireannacha ligean dá scairshealbhóirí an méid seo a dhéanamh:

  • a dteidlíocht chun scaireanna a léiriú ar bhealach eile seachas trí dheimhniú scaireanna
  • agus
  • a scaireanna a aistriú go leictreonach gan foirm aistrithe stoic.

Foráiltear faoi na Rialacháin nach mór aistrithe leictreonacha a dhéanamh trí chóras ceadaithe leictreonach imréitigh.

Ceadaíodh do CREST Co Ltd, ar a dtugtar Euroclear UK & Ireland Limited anois, córas a oibriú (ar a dtugtar CREST). Is é seo an córas trína bhféadtar scaireanna a aistriú go leictreonach.

Déileáiltear le haistriú leictreonach urrús Éireannach in Ailt 68 go 78 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi thrádáil leictreonach scaireanna in urrúis Éireannacha sa Crest manual. Féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dhliteanas úis agus pionóis ar íocaíocht dhéanach Dleachta Stampa.

Guidance note on Intermediary relief and Central Counterparty Relief.

Féach ar an nóta treorach thuas roimh an bhfoirm iarratais thíos a chomhlánú:

Féadtar teacht ar fhoirmeacha iarratais ag na naisc thíos chun dleacht stampa a aisghabháil: