Dleachta Stampála ar chártaí airgeadais

Ceisteanna faoi mhuirir Dleachta Stampála

Má tá fiosrú agat faoi Dhleacht Stampála a gearradh ar do chuntas, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’institiúid airgeadais ós rud é go mbailíonn siadsan an Dleacht Stampála ar son na gCoimisinéirí Ioncaim.

Más gá duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le ceist faoin Dleacht Stampála, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe.