Tobhaigh árachas Dleachta Stampa

Are you ready for online filing commencing Quarter 1 2022?

Tobhaigh árachas Dleachta Stampa

Feidhmítear tobhaigh Dleachta Stampa ar phréimheanna saoil agus neamhshaoil, polasaithe árachais sláinte agus pinsin. Chomh maith leis sin, feidhmítear iad ar pholasaithe árachais eile seachas árachas saoil. Toibhítear ar phréimheanna neamhshaoil chomh maith ranníocaíochtaí chuig an gCiste Cúitimh Árachais.

Polasaithe árachais (neamhshaoil)

Dleacht Stampa in aghaidh polasaí: €1

Tobhach árachais neamhshaoil ar phréimheanna

Faoi Alt 125 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampála, gearrtar tobhach 3% ar an méid comhlán a fhaigheann árachóir i dtaca le préimheanna áirithe árachais neamhshaoil.

Eisceachtaí is ea:

  • athárachas
  • árachas sláinte saorálach
  • árachas mara
  • árachas eitlíochta agus iompair
  • árachas creidmheasa easpórtála
  • conarthaí áirithe árachais fiaclóireachta.

Baineann an tobhach 3%:

  • le préimheanna a fhaightear ar 1 Meitheamh 2009 nó dá éis i dtaca le tairiscintí árachais
  • le fógraí athnuachana árachais arna n-eisiúint ag árachóir ar 8 Aibreán 2009 nó dá éis.
  • Bailítear an Tobhach Árachais Neamhshaoil ar phréimheanna in éineacht leis an ranníocaíocht chuig an gCiste Cúitimh Árachais.

An Ciste Cúitimh árachais

Tá údarás ag na Coimisinéirí Ioncaim an ranníocaíocht chuí a bhailiú (faoi alt 6 den Acht Árachais, 1964, arna leasú ag alt 7 den Acht Árachais (Leasú), 2011).

Ba chóir an Ranníocaíocht don Chiste a thabhairt in éineacht leis an Tobhach Árachais reatha ar phréimheanna.

Tobhach ar roinnt préimheanna Árachais Saoil (le haghaidh gach ráithe)

Faoi Alt 124B den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampála, tá foráil ann le haghaidh tobhach 1% ar phréimheanna árachais saoil ag tosú leis an ráithe dar críoch 30 Meán Fómhair 2009.

Tobhach ar árachóirí sláinte

Faoin Acht Árachais Sláinte (Leasú) 2019, leasaíodh alt 125A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampála le go mbeadh foráil ann le haghaidh tobhach méadaithe ar árachóirí sláinte.

Tobhach ar árachóirí sláinte – 1 Aibreán 2020 – 31 Márta 2020
AoisClúdach nach ardchlúdach éArdchlúdach
Níos óige ná 18 mbliana d’aois €52 €150
18 mbliana d’aois nó níos sine €157 €449
Tobhach ar árachóirí sláinte tar éis an 1 Aibreán 2020
AoisClúdach nach ardchlúdach éArdchlúdach
Níos óige ná 18 mbliana d’aois

€52

€150

18 mbliana d’aois nó níos sine

€157

€449

Tobhach pinsin

Gearradh Alt 125B den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampála 1999 tobhac bliaintúil de 0.6% ar luach margaidh acmhainní i scéimeanna pinsin do na blianta 2011, 2012, 2013 agus 2014.

Information regarding filing and payment.