Dleacht Stampa agus Maoin

Maoin áirithe a ndíorthaítear a luach ó mhaoin dho-aistrithe

Tugadh rialacha nua isteach leis an Acht Airgeadais, 2017 maidir le Dleacht Stampa i leith maoin áirithe a ndíorthaítear a luach ó mhaoin dho-aistrithe. Féadtar na rialacha seo a fháil in Alt 31C den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999. Tá feidhm ag na rialacha ar ionstraimí (doiciméid i scríbhinn) a fhorghníomhaítear (iad a shíniú, a shéalú nó an dá rud) ar an 6 Nollaig 2017 nó dá éis.

Faoi na rialacha seo, íoctar Dleacht Stampa i leith comhaontuithe i scríbhinn nó conarthaí chun an méid thíos a cheannach:

  • scaireanna, stoic nó urrúis indíolta (seachas scaireanna i gcuideachtaí infheistíochta áirithe) (‘scaireanna’)
  • aonaid i gCiste Eastát Réadach Éireannach (‘aonaid’)
  • leasanna i gcomhpháirtíochtaí (‘leasanna’)

nuair a chomhlíontar coinníollacha áirithe.

Is iad na coinníollacha ina n-íoctar Dleacht Stampa ná:

  • nach mór do na scaireanna, na haonaid nó na leasanna a luach nó an chuid is mó dá luach a fháil ó mhaoin dho-aistrithe
  • ní mór an mhaoin dho-aistrithe a bheith ina maoin neamhchónaithe
  • ní mór athrú rialaithe i leith na cuideachta, CERÉ nó na comhpháirtíochta a bheith mar thoradh ar an gceannach
  • ní mór athrú rialaithe i leith na maoine do-aistrithe faoi úinéireacht na cuideachta, CERÉ nó na comhpháirtíochta a bheith mar thoradh ar an gceannach
  • ní mór don chuideachta, don CERÉ, nó don chomhpháirtíocht a bheith i mbun déileála i dtalamh nó talamh a fhorbairt chun críocha neamhchónaithe.

Tabhair do d’aire

Féadtar rialú a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach.

Nuair a chloíonn an chomhaontú nó an conradh leis na coinníollacha seo, íoctar Dleacht Stampa ag an ráta 7.5%.

Féadfaidh sé go mbeidh ort Dleacht Stampa a íoc mura bhfuil comhaontú nó conradh i scríbhinn agat.

  • Is gá Dleacht Stampa a íoc i leith na hionstraime nuair: a chloítear leis na coinníollacha thuas
  • agus
  • nuair atá ionstraim agat lena n-aistrítear úinéireacht na scaireanna, na n-aonad nó na leasanna chugat.

Is é 7.5% ráta na Dleachta Stampa.

Nuair atá Alt 31C i bhfeidhm, meastar gur talamh chun críocha Scéim Aisíocaíochta na Dleachta Stampa ar Fhorbraíochtaí Cónaithe atá sna scaireanna, na haonaid agus na leasanna.

Socruithe eatramhacha

Bhí socruithe idirthréimhseacha san Acht Airgeadais, 2017. Faoi na socruithe eatramhacha:

  • má tá conradh ceangailteach ar bun roimh 6 Nollaig 2017 chun scaireanna, aonaid nó leasanna a dhíol
  • má fhorghníomhaítear an ionstraim lena n-aistrítear úinéireacht roimh an 1 Márta 2018
  • má tá deimhniú san áireamh san ionstraim

tá staid na Dleachta Stampa mar an gcéanna is a bhí i bhfeidhm roimh thabhairt isteach Alt 31C.

An fhoclaíocht sa deimhniú ná:

“Deimhnítear leis seo gur forghníomhaíodh an ionstraim seo go heisiach de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh 6 Nollaig 2017.”

Tabhair do d’aire

Baineann an ráta 7.5% seo le hionstraimí a fhorghníomhaítear ar an 9 Deireadh Fómhair 2019 nó dá éis.

Foráiltear i mBuiséad 2020 do shocruithe idirthréimhseacha. Faoi na socruithe:

  • sa chás go bhfuil conradh ceangailteach ar bun roimh 9 Deireadh Fómhair 2019
  • agus
  • go bhforghníomhaítear an ionstraim a aistríonn úinéireacht roimh an 1 Eanáir 2020
  • agus
  • go bhfuil deimhniú san áireamh san ionstraim

íocfaidh tú Dleacht Stampa ag an ráta réamh-Bhuiséid 6%.

An fhoclaíocht sa deimhniú ná:

“Deimhnítear leis seo go ndearnadh an ionstraim seo a fhorghníomhú go heisiach de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh 9 Deireadh Fómhair 2019”

Ar aghaidh: Maoin úsáide mheasctha