Dleacht Stampa agus Maoin

Léargas ginearálta

Baineann an rannán seo le maoin a cheannach nó a aistriú, seachas scaireanna, stoic nó urrúis indíolta (scaireanna).

Íoctar Dleacht Stampa:

  • nuair a cheannaíonn tú, nó nuair a fhaigheann tú maoin mar bhronntanas
  • nuair a dhéanann tú maoin a mhalartú, a idir-roinnt, a scaoileadh nó a ghéilleadh

agus í suite in Éirinn.

Íoctar Dleacht Stampa i leith comhaontuithe i scríbhinn nó conarthaí chun maoin chónaithe suite in Éirinn a aistriú. 

Féadann an méid seo a bheith i gceist leis an maoin:

  • maoin chónaithe (tithe agus árasáin, mar shampla)
  • maoin neamhchónaithe (amhail talamh, foirgnimh thráchtála, sócmhainní gnó (amhail cáilmheas) agus scaireanna)
  • úsáid mheasctha (árasán os cionn siopa, mar shampla).

Folaíonn maoin leas i maoin, mar shampla, ceart chun píopaí uisce a leagan.

Tá feidhm ag rialacha speisialta ar mhaoin áirithe a ndíorthaítear a luach nó an chuid is mó dá luach ó mhaoin dho-aistrithe. Tugtar míniú ar na rialacha seo i Maoin áirithe a ndíorthaítear a luach ó mhaoin dho-aistrithe.

Má tá an mhaoin suite taobh amuigh d’Éirinn, féadfaidh sé go bhfuil muirear Dleachta Stampa i gceist go fóill. Le tuilleadh eolais a fháil, féach Cén uair atá ionstraim faoi réir Dleacht Stampa?.

Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann éileamh a dhéanamh ar dhíolúine nó ar fhaoiseamh.

Féadfaidh sé go gcruthófaí fadhbanna ó thaobh cánacha eile, go háirithe Cáin Maoine Áitiúil, Cáin Gnóthachan Caipitiúil agus Cáin Fáltas Caipitiúil

Ar aghaidh: Maoin chónaithe