Bedford Hall, Caisleán Bhaile Átha Cliath

100 bliain de na Coimisinéirí Ioncaim

Bunaíodh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim ar an 21 Feabhra 1923 nuair a reachtaíodh Ordú Rialtais 2/23. Is comóradh céad bliain de dúthracht agus tiomantas chun freastal ar Éirinn í 2023. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcomóradh breathnaíonn an suíomh idirlín siar ar stair agus éabhlóid na heagraíochta le 100 bliain anuas.