Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID (STSC)

Ag déanamh éilimh

Bhí próiseas dhá chéim le héileamh a dhéanamh faoin Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID (STSC). Níor mór don ghnó an dá chéim seo a leanas a dhéanamh:

Tréimhse éilimh

Ba é tréimhse éilimh ná tréimhse ina raibh gnó faoi réir shrianta an Rialtais. Leis na srianta, níor mór do do ghnó cosc nó srian suntasach a chur ar bhaill an phobail rochtain ar a n-áitreabh gnó. Glacadh le héileamh suas le trí seachtaine ar a mhéid le linn na tréimhse éilimh.

Is éard atá i gceist le háitreabh gnó ná foirgneamh nó struchtúr fisiceach seasta ar a bhfuil gníomhaíocht gnó ar bun go hiondúil.

Féadfaidh sé go mbeadh níos mó ná tréimhse éilimh amháin ag gnó ar feadh thréimhse na scéime. Bhí leibhéil éagsúla srianta ag baint le cineálacha éagsúla gnó thar réigiúin éagsúla.

Bhí deis ag lucht gnó éileamh a dhéanamh chomh luath leis an gcéad lá de thréimhse éilimh. Rinneadh an t-éileamh i leith líon na seachtainí iomlána a measadh go mbeadh na srianta COVID-19 i bhfeidhm ar an áitreabh gnó sin. Bhíothas ag súil go ndéanfaidh gnó athbhreithniú ar a incháilitheacht roimh éileamh a éileamh ar thréimhse éilimh nua.

Bhí an áis chun clárú agus chun éileamh a dhéanamh ar fáil ar ROS. Níor mór do ghnóthaí incháilithe a chinntiú go bhfuil siad cláraithe go hiomlán chun  éileamh a dhéanamh.

Níor mór éileamh a dhéanamh tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta tosaigh an éilimh.

Tá mioneolas ar thréimhsí éilimh ar fáil in CRSS guidelines.

Seachtain atosaithe

I gcúinsí áirithe, bhí gnó incháilithe chun seachtain tacaíochta bhreise a éileamh faoin scéim. Tugadh 'an tSeachtain Atosaithe' air seo agus bainfidh sí le gnóthaí atá ag atosú tar éis tréimhse shrianta. Ba é ba cuspóir na seachtaine breise tacaíochta seo  cabhrú le gnóthaí leis na costais athoscailte.

Tá mioneolas ar oibriú na Seachtaine Atosaithe agus ar an íocaíocht 'Seachtain atosaithe' feabhsaithe ar fáil sna CRSS guidelines.

Seiceálacha comhlíontachta

Níor mór go dtiocfaidh sonraí an láimhdeachais a chuirtear ar fáil don chlárúchán leis an bhfaisnéis a áirítear i leabhair agus taifid do ghnó. Rinneadh é seo a bhailíochtú in aghaidh na faisnéise atá ar chórais na gCoimisinéirí Ioncaim cheana, tuairisceáin cánach chuí san áireamh.

Níor gá doiciméid tacaíochta a thíolacadh leis an éileamh. Féadfaidh sé go n-iarrfaidh muid doiciméid a chur ar fáil leis an éileamh a bhailíochtú ag dáta níos déana.

Ar aghaidh: Critéir cháilitheacha do ghnóthaí incháilithe