Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID (STSC)

Critéir cháilitheacha do ghnóthaí incháilithe

Bhí an Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID (STSC) ar fáil do ghnóthaí a lean ar aghaidh ag trádáil, nó le gníomhaíochtaí trádála, ó áitreabh gnó. Bhí na nithe seo a leanas san áireamh leis seo:

  • comhlachtaí
  • trádálaithe aonair nó daoine aonair féinfhostaithe
  • comhpháirtíochtaí
  • carthanais agus comhlachtaí spóirt ceadaithe (le haghaidh tréimhse éilimh tar éis 20 Nollaig 2021).

Céard is gnó incháilithe ann?

Le bheith incháilithe, níor mór:

  • do bhrabús na trádála, nó do ghníomhaíocht trádála, an ghnó bheith inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D ( i gcás carthanais agus comhlachtaí spóirt ceadaithe, go raibh siad inmhuirir, seachas díolúintí cánach a bheith ar fáil)
  • don áitreabh gnó a bheith lonnaithe go hiomlán taobh istigh de réigiún geografach ina bhfuil srianta COVID-19 i bhfeidhm
  • níor mór imréiteach cánach bailí a bheith ag gnóthaí chun páirt a ghlacadh san STSC agus níor mór imréiteach cánach a choinneáil ar feadh thréimhse na scéime.

Tabhair do d’aire

Níor mór do ghnóthaí a chinntiú go raibh deimhniú imréitigh cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim acu chun bheith incháilithe don STSC.  

Critéar incháilitheachta

Má bhí gnó incháilithe agat, chun cáiliú don STSC níor mór go mbeifeá in ann a léiriú:

  • gur oibrigh do ghnó ó áitreabh gnó atá lonnaithe go hiomlán i réigiún atá faoi réir srianta an Rialtais i dtréimhse an éilimh
  • de bharr shrianta an Rialtais, níor mór don ghnó cosc nó srian suntasach a chur ar bhaill an phobail rochtain ar d’áitreabh gnó
  • nár sáraigh láimhdeachas an ghnó le linn tréimhse na srianta (tréimhse an éilimh) 40% (nó 25%* más cuí) de:
    • meán-láimhdeachas seachtainiúil an ghnó in 2019
    • meán-láimhdeachas seachtainiúil an ghnó i dtréimhse tagartha. Bhraith sé seo ar dháta bunaithe an ghnó nua
  • gur chloí do ghnó le dualgais i ndáil le clárú agus cuntasaíocht na Cánach Breisluacha (CBL)
  • go raibh sé ar intinn ag do ghnó trádáil a aththosú nuair a chuirtear deireadh le srianta an Rialtais. 

*Baineann an tástáil 40% le tréimhsí na héilimh tar éis an 20 Nollaig 2021.

Ar aghaidh: Seimineár ar líne ar an Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID (STSC)