Nochtadh a dhéanamh

Léargas ginearálta

Ba chóir duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas sna cásanna a leanas:

  • níor thuairiscigh tú d’ioncam nó do ghnóthachain go léir le haghaidh cánach agus dleachta
  • rinne tú earráid ar thuairisceán cánach
  • rinne tú earráid fad a bhí éileamh ar fhaoiseamh nó ar aisíocaíocht cánach á dhéanamh agat.

Tugtar nochtadh, nó nochtadh cáilitheach, a dhéanamh air seo. Braitheann méid na faisnéise a theastaíonn uait ar cé acu an ndearnadh d’easnamh nó d’earráid mar gheall mhíchúram nó d’aon turas.

Má dhéanann tú nochtadh cáilitheach:

  • gearrfar pionós nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna ort
  • ní dhéanfar imscrúdú le haghaidh ionchúisimh ort
  • ní fhoilseofar do shonraí socraíochta ar an liosta de mhainnitheoirí cánach.

Ar aghaidh: Céard is nochtadh cáilitheach ann?