Scair-roghanna
Is éard is scair-rogha ann ná an ceart líon áirithe scaireanna a cheannach ag praghas seasta, ag am atá le teacht, laistigh de chomhlacht. Tugann na scaireanna seo bealach do d'fhostóir chun luach saothair a thabhairt duit chomh maith le do bhunphá. Is é luach an luaíochta luach margaidh na scaireanna ar an dáta a bronnadh iad.
Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar scaireanna agus ar d'oibleagáidí cánach sa rannán Ioncaim Bhreise.
Tá aon cháin atá dlite ar fheidhmiú, sannadh nó scaoileadh na rogha inmhuirir faoin gcóras féinmheasúnaithe. Ní asbhainfidh d'fhostóir cáin ar do shon tríd an bpárolla.