Faoiseamh i leith infheistíochta i bhfiontair nuálacha

Riachtanais i leith deimhniúchán (cuideachta)

Ní mór do chuideachta a dhéanann iarratas:

  • a bheith ionchorpraithe sa Stát, i Limistéar Eorpach Eacnamaíoch eile (LEE) nó sa Ríocht Aontaithe
  • a bheith cónaitheach ó thaobh cánach de sa Stát, i stát LEE nó sa Ríocht Aontaithe
  • deimhniú imréitigh cánach bailí reatha a bheith acu
  • gan a bheith ag rialú aon chuideachta nach fochuideachta cháilitheach í
  • agus
  • gan a bheith faoi rialú aon chuideachta eile, nó aon chuideachta eile agus aon duine atá bainteach leis an gcuideachta eile sin.

Ní mór don chuideachta, nó a fochuideachta cháilitheach, atá ag déanamh an iarratais:

  • leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí trádála ábhartha, nó a bheartaíonn leanúint ar aghaidh, ó áit sheasta sa Stát
  • a bheith ann go hiomlán chun críocha gníomhaíochtaí trádála a reáchtáil
  • a bheith ina ghnólacht nuálach
  • agus
  • plean gnó a bheith acu chomh maith leis an saineolas agus cumas lena chur i bhfeidhm.

Céard is fochuideachta cháilitheach ann?

Is éard is fochuideachta cháilitheach ann ná cuideachta ar gá:

  • a bheith cónaitheach ó thaobh cánach de sa Stát, i stát LEE eile nó sa Ríocht Aontaithe, agus leanúint ar aghaidh nó a bheartaíonn leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí trádála ábhartha, ó áit sheasta sa Stát
  • deimhniú imréitigh cánach bailí reatha a bheith acu
  • ‌a bheith faoi úinéireacht 51% ar a laghad ag:
    • ‌an chuideachta a dhéanann iarratas ar na Deimhnithe Cháilíochta
    • an chuideachta cháilitheach
  • agus
  • gan a bheith faoi rialú ag aon duine eile.

Ní fhéadtar aon socruithe a bheith i bhfeidhm a d'fhágfadh nach mbeadh úinéireacht, agus an riachtanas rialaithe, comhlíonta.

‌Gnó nuálach

‌Ní mór don chuideachta a léiriú gur fiontar nuálach é de réir mar a shainmhínítear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (FITCanna). ‌Measfar gur fiontar nuálach atá sa chuideachta, nó a fochuideachta cháilitheach, más rud é:

  • ‌gur bronnadh dámhachtainí nó deontais shonraithe áirithe di laistigh de thrí bliana ón iarratas a dhéanamh
  • go gcomhlíonann a costais taighde agus forbartha an t-íosriachtanas
  • ‌i gcás gnólacht nuathionscanta nach bhfuil aon stair airgeadais aige, is féidir le hiniúchóir seachtrach na riachtanais don bhliain reatha a dheimhniú.

‌I gcás nach gcomhlíontar na riachtanais sin, féadfaidh an chuideachta aighneacht a dhéanamh mar chuid den iarratas. ‌Ní mór don aighneacht a léiriú go bhforbróidh an chuideachta táirgí, seirbhísí nó próisis:

  • ‌atá nua nó feabhsaithe go mór i gcomparáid le cinn úrscothacha i dtionscal an chuideachta
  • agus
  • go bhfuil baol ann go dteipfeadh ar an teicneolaíocht nó ar an tionsclaíocht. 

D'fhéadfaí a mheas gur fiontar nuálach é an chuideachta bunaithe ar an aighneacht sin.  

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle le Fiontraíocht Éireann maidir leis an iarratas. I gcásanna áirithe, féadfaidh Fiontraíocht Éireann saineolaithe teicniúla nó airgeadais a fhostú chun comhairle a thabhairt maidir leis an meastóireacht.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil sa Lámhleabhar Cánach agus Dleachta faoi Relief for Investment in Innovative Enterprises Qualifying Company (Certificates of Qualification).

Plean gnó

Ní mór plean gnó inmharthana a bheith ag cuideachta, nó ag a fochuideachta cháilitheach. Ní mór don phlean an méid seo a leanas a thaispeáint:

  • conas a úsáidfear an maoiniú a chruinnítear
  • go mbeidh an infheistíocht inmharthana ó thaobh airgeadais de
  • agus
  • go bhfuil an saineolas agus an taithí riachtanach ag an gcuideachta  chun an plean a chur i bhfeidhm.

Ba chóir go n-áireofaí sa phlean sonraí ar nós:

  • forbairt an táirge
  • forbairt na ndíolachán
  • an fhorbairt brabúsachta
  • agus
  • réamh-mheastacháin sreafa airgid.

Ar aghaidh: Riachtanais i leith deimhniúchán (grúpa faoisimh)