Dleacht Stampála

Má tá tú ag smaoineamh ar ghnó a thosú, féadfaidh sé go mbeidh ort smaoineamh ar Dhleacht Stampála. Tá dleacht stampála dlite ar cháipéisí a aistríonn úinéireacht maoine, nó ar comhaontuithe aid chun úinéireacht maoine a aistriú, lena n-áirítear leas maoine. Is é seo an cás má dhéantar iad a fhorghníomhú (iad a shíniú, nó séala a chur orthu, nó an dá rud) in Éirinn nó, má dhéantar iad a fhorghníomhú lasmuigh d’Éirinn, baineann siad le maoin in Éirinn nó le rud éigin a rinneadh nó atá le déanamh in Éirinn. Íoctar Dleacht Stampála ar léasanna agus comhaontuithe áirithe chun léasadh.

Folaíonn maoin aon mhaoin chónaithe amhail tithe agus árasáin. Folaíonn sé freisin maoin neamhchónaithe amhail talamh talmhaíochta agus foirgnimh ghnó agus oifige.

Féadtar tuilleadh eolais faoi Dhleacht Stampála a fháil sa rannán Maoine.