Gnóthas a thosú agus a rith

An dteastaíonn gníomhaire cánach uait?

Níl sé riachtanach gníomhaire cánach a bheith agat. Níl sé neamhghnách do ghnó nua, áfach, gníomhaire cánach a úsáid i rith na tréimhse nuathionscanta. Féadfaidh gníomhaire comhairle a chur ort agus tuairisceáin a thíolacadh ar do shon. Beidh rochtain ag gníomhaire ar do chuntas ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Ar chóir duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas go bhfuil gníomhaire cánach agat?

Má theastaíonn uait go mbeadh rochtain ag do ghníomhaire cánach ar do thaifead cánach, ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas. Ní mór Fógra um nasc le gníomhaire  a chomhlánú agus é a sheoladh chuig d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Ní mór d’Uimhir Tagartha Cánach agus Uimhir Aitheantais Cánach an Ghníomhaire Chánach (TAIN) a chur san áireamh ar an bhfógra. Tugtar cead ar an bhfoirm seo do na Coimisinéirí Ioncaim do thaifead cánach a nascadh le do ghníomhaire, rud a cheadaíonn do do ghníomhaire gníomhú ar do shon. 

Ar chóir na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas má stopann tú de ghníomhaire cánach a úsáid?

Ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas má stopann tú de ghníomhaire cánach a úsáid. Mura ndéanann tú é seo, leanfaidh an gníomhaire cánach de rochtain a bheith acu ar do thaifead cánach. 

Ar aghaidh: Taifid a choinneáil