Cód Custam an Aontais

Tugadh Cód Custam an Aontais isteach ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) ar 1 Bealtaine 2016. De bhun an Chóid, tugadh isteach roinnt athruithe don chaoi a dtrasnaíonn earraí teorainneacha an AE agus beidh roinnt socruithe eatramhacha i bhfeidhm go dtí 2020.

Cuireadh Cód Custam an Aontais i bhfeidhm trí reachtaíocht thánaisteach i bhfoirm:

  • Gníomh Tarmligthe (GT)
  • Gníomh Cur Chun Feidhme (GCCF)

agus a gcuid aguisíní bainteacha.

Foilsíodh téacsanna an GT, an GCCF agus na nAguisíní bainteacha in Official Journal of the European Union L343 of 29/12/15.

Faoin gCód, tugadh isteach chomh maith roinnt coincheap nua agus déanfar mórán nósanna imeachta reatha a nua-aoisiú. Le haghaidh cuid de na hathruithe seo, teastóidh forbairt ar chórais nua TF agus feabhsuithe ar chórais reatha. Tabharfar na hathruithe seo isteach ar bhonn céimnithe suas go dtí 31 Nollaig 2020. Foráiltear sa Transitional Delegated Act (TDA) do thréimhse eatramhach trína bhféadtar leanúint d’fhoirmeacha páipéir nó córais reatha a úsáid le linn do na córais TF a bheith á bhforbairt.

Cuirfear na córais chuí TF i bhfeidhm ar bhonn céimnithe. Tá tuilleadh eolais in Forbairtí TF faoin gCód sa rannán ar Thrádálaithe agus gníomhairí custam. 

Gheobhaidh tú leaganacha comhdhlúite den CCA, GT, GCCF agus den TDA ina bhfuil na leasuithe déanta ó foilsíodh ar dtús iad ar an EU Commission website. Féadtar tuilleadh eolais ar an gCód a fháil ar shuíomh idirlín Choimisiún an AE ag na naisc thíos: