Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim

Feidhmíonn Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim ar fud Rannóga na gCoimisinéirí Ioncaim agus láimhseálann sé ceisteanna teicniúla casta a bhféadfaidh sé go dteastaíonn soiléiriú ó chleachtóirí cánach agus cáiníocóirí ina leith.

Níor chóir, áfach, úsáid a bhaint as an tseirbhís seo mar an gcéad phointe teagmhála. Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag súil leis go mbeidh taighde agus anailís déanta ag cleachtóirí cánach agus ag cáiníocóirí gnó ar an gceist ar an gcéad dul síos. Sa chás go bhfuil doiléireacht i leith an fhreagra, ba chóir dóibh ansin cúnamh a lorg ón tseirbhís seo.

Le tuilleadh eolais ar Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim, féach Tax and Duty Manual Part 37-00-00a.

Is gá fiosruithe teicniúla casta a chur i scríbhinn trí M’Fhiosruithe chuig an bhfoireann Oifigeach Bainistithe Fiosruithe do cháiníocóirí in:

  • An Rannóg Cánacha Pearsanta
  • An Rannóg Gnó
  • Rannóg na bhFiontar Meánmhéide.

Ba chóir do cleachtóirí agus cáiníocóirí a thabhairt dá n-aire go bhfuil treoirlínte ar leith ann d’fhiosruithe teicniúla casta a bpléitear leis sna rannáin seo:

  • Rannóg na gCorparáidí Móra
  • Cásanna Móra Rannóg Daoine Aonair Ardioncaim.

Le tuilleadh eolais a fháil ar na hiarratais seo, féach Tax and Duty Manual Part 37-00-40.

Le cinntiú go ndéantar bainistiú éifeachtúil ar fhiosruithe chuig Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim, ní mór tíolacthaí a bheith san fhormáid shonraithe. Féach an Form RTS 1A.