An Próiseas Tarrthála Riaracháin le haghaidh Cuideachtaí Beaga (SCARP)

Riachtanais na gCoimisinéirí Ioncaim

Ba chóir do chuideachtaí a bheith ar an eolas faoin méid a leanas agus iad ag dul isteach sa scéim SCARP:

  • bainfear aon fhiachas a bhaineann leis na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de SCARP ón Stóras Fiachais
  • ní mór don chuideachta gach uile cháin a thíolacadh agus a íoc nuair atá siad dlite
  • féadfar dliteanais bhreise a bheith mar thoradh ar laghdú fiachais faoi SCARP nach mór a chur san áireamh sa phlean tarrthála
  • má loiceann cuideachta téarmaí an chomhaontaithe SCARP a chomhlíonadh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim iarratas a dhéanamh chun na Cúirte:
    • chun agóid a dhéanamh i gcoinne leanúint ar aghaidh an phróisis
    • chun an chuideachta a chur faoi leachtú nó faoi ghlacadóireacht.