Comhaontuithe iltaobhacha

Shínigh Éire an Multilateral convention to implement tax treaty related measures to prevent base erosion and profit shifting (MLI) i Meitheamh 2017. Athraíonn an MLI cur i bhfeidhm fhormhór na gComhaontuithe um Chánachas Dúbailte (CCD) in Éirinn. Cuireann sé caighdeáin íosta aontaithe agus dea-chleachtais i bhfeidhm chun dul i gcoinne mí-úsáid conarthaí agus chun meicníochtaí um réiteach díospóidí a fheabhsú. Cuireann sé solúbthacht ar fáil chun freastal ar pholasaithe conarthaí cánach freisin.

Thug Éire a hionstraim dhaingniúcháin agus a list of reservations and notifications deiridh ar láimh le Taisce na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) ar an 29 Eanáir 2019. Tá liosta do gach sínitheoir MLI foilsithe ag an OECD.

Tháinig an MLI i bhfeidhm d’Éirinn ar 1 Bealtaine 2019. Mar riail ghinearálta, tháinig sé i bhfeidhm ar chonarthaí cánach na hÉireann:

  • ó 1 Eanáir 2020 i leith cánacha iarchoimeádta ag an bhfoinse
  • agus
  • maidir le gach cáin eile a ghearrann Éire, le haghaidh cánacha a ghearrtar i leith tréimhsí incháinithe a thosaíonn ar an 1 Samhain 2019 nó roimhe sin.

Braitheann an dáta a athraíonn an MLI gach conradh ar an uair a chuireann comhpháirtithe na hÉireann a n-ionstraimí daingniúcháin féin ar láimh.

Foilseoidh na Coimisinéirí Ioncaim téacsanna sintéisithe ar bhonn leanúnach sa leathanach tíre ábhartha. Forbraítear na téacsanna seo chun léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na gconarthaí mar atá athruithe ag an MLI a éascú.  Tugtar tosaíocht do na téacsanna dlíthiúla fíréanta de chuid na gconarthaí agus den MLI agus is iad na téacsanna dlíthiúla atá infheidhme i gcónaí.

D’fhoilsigh an OECD Explanatory statement to the MLI agus toolkits freisin chun cabhrú leis an tuiscint agus an cur i bhfeidhm.