Comhaontuithe um Malartú Faisnéise Cánach (comhaontuithe TIEA)
Tá Comhaontuithe um Malartú Faisnéise Cánach (comhaontuithe TIEA) tugtha i gcrích ag Éirinn leis na tíortha seo:
- Angaíle
 
- Antigua agus Barbúda
 
- An Airgintín
 
- An Bheilís
 
- Beirmiúda
 
- Oileáin Bhriotanacha na Maighdean
 
- Oileáin Cayman
 
- Comhlathas na mBahámaí
 
- Oileáin Cook
 
- Doiminice
 
- Giobráltar
 
- Greanáda
 
- Lichtinstéin
 
- Macao
 
- Oileáin Marshall
 
- Montsarat
 
- Samó
 
- San Críostóir-Nimheas
 
- San Mairíne
 
- San Lucia
 
- San Uinseann agus na Greanáidíní
 
- Oileáin na dTurcach agus Caicos
 
- Vanuatú.
 
Tá comhaontuithe TIEA tugtha i gcrích ag Éirinn, chomh maith, le Geansaí, Oileán Mhanann agus Geirsí. Tugadh i gcrích leis na tíortha seo, chomh maith, comhaontuithe chun faoiseamh a chur ar fáil ó chánachas dúbailte i ndáil le hioncam áirithe de chuid daoine aonair agus chun comhaontuithe frithpháirteacha a bhunú i ndáil le coigeartú brabúis fiontar gaolmhar.
Chomh maith leis sin, tá Éire ainmnithe ag Oileáin Cayman mar thír a fhéadann iarratais ar fhaisnéis chánach a dhéanamh faoi Chuid IV de Dhlí an Údaráis Faisnéise Cánach. Leis seo, féadann na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis a iarraidh atá ábhartha d’imscrúduithe cánach (lena n-áirítear faisnéis bhainc agus úinéireachta eintitis) ó údaráis Oileáin Cayman gan gá le comhaontú déthaobhach TIEA.
Tugadh i gcrích 26 comhaontú TIEA in iomlán, agus tá gach ceann díobh i bhfeidhm.
Tá téacs gach comhaontaithe ar fáil ach cliceáil ar na naisc thíos: