An Scéim Aischuir Taiscí

Is tionscnamh í an Scéim Aischuir Taiscí chun tacú le coimeádáin deochanna folmha áirithe a athchúrsáil. Tugadh isteach é faoin dlí comhshaoil leis na Separate Collection (Deposit Return Scheme) Regulations 2021 (S.I. No. 599 of 2021). Tháinig an Scéim i bhfeidhm ar an 1 Feabhra 2024.

Faoin Scéim:

  • gearrtar taisce bheag inaisíoctha ar tháirgí dí a sholáthraítear i mbuidéil phlaisteacha nó i gcannaí,
  • gearrtar an taisce ag gach céim den slabhra soláthair nuair a sholáthraítear an táirge dí,
  • aisíoctar an taisce le duine a thugann an coimeádán folamh ar ais le hathchúrsáil nó le hathúsáid,
  • agus
  • féadtar an coimeádán folamh a chur ar ais chuig miondíoltóir nó chuig pointe bailiúcháin eile.

An ngearrtar CBL ar an dtaisce?

Ní thagann Cáin Bhreisluacha (CBL) aníos ar thaiscí nuair atá táirgí dí soláthartha ag gnóthaí i slabhra soláthair. Sampla de ghnóthaí den sórt sin is ea an méid seo a leanas:

  • monaróirí
  • iompórtálaithe
  • mórdhíoltóirí
  • agus
  • miondíoltóirí.

Faoin dlí CBL, meastar gur nialas an méid taisce nuair atá an táirge dí ag gluaiseacht tríd an slabhra soláthair.

Ba chóir do ghnóthaí a sholáthraíonn táirgí na Scéime Aischuir Taiscí CBL ar na taiscí a ríomh tríd an ráta caighdeánach CBL a ghearradh. Mar sin féin, toisc go meastar go dlíthiúil gur nialas an méid taisce, is é toradh an ríofa CBL ná nialas freisin. Ciallaíonn sé nach bhfuil aon dliteanas CBL ag gnóthaí den sórt sin maidir leis an taisce. Ciallaíonn sé freisin nach ngearrtar CBL ar an taisce ar thomhaltóir a cheannaíonn táirge dí.

Tagann dliteanas CBL aníos ar na taiscí a bhaineann le coimeádáin nach gcuirtear ar ais chuig an Scéim Aischuir Taiscí. Faoin dlí CBL, ní mór don Oibreoir Scéime ach cuntas a thabhairt ar CBL a bhaineann le taiscí ar choimeádáin neamhchláraithe agus an CBL sin a íoc. Ní tionchar ag an dliteanas seo ar an tomhaltóir ná ar aon cheann de na gnóthaí sa slabhra soláthair don táirge.

An ngearrtar CBL ar an táirge dí bunaidh?

I gcás gnóthaí a sholáthraíonn táirgí na Scéime Aischuir Taiscí, tagann CBL aníos ar an táirge bunaidh ar an ngnáthbhealach. Níl tionchar ag an taisce ar an dliteanas seo.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL don Scéim Aischuir Taiscí ar fáil sa rannán Treoir bhreise.