Cén chaoi a dtugtar cuntas i leith CBL

  1. Léargas ginearálta
  2. Nuair a thagann CBL chun bheith iníoctha
  3. Cén chaoi a ndéantar tuairisceán VAT3 a chomhlánú?
  4. CBL a aisíoc

Cén chaoi a ndéantar tuairisceán VAT3 a chomhlánú?

Is taifead é an tuairisceán VAT3 ar an gCáin Bhreisluacha (CBL) atá iníoctha in-aiséilithe agat le linn na tréimhse incháinithe. Ba chóir an tuairisceán a chomhlánú mar seo a leanas:

T1 - CBL ar dhíolacháin

Is é an figiúr seo an CBL iomlán atá dlite ar:

T2 - CBL ar cheannacháin

Is é an figiúr seo an CBL iomlán atá tabhaithe agat:

Féadtar na figiúirí T1 agus T2 a choigeartú nuair a eisítear nó nuair a fhaightear nóta creidmheasa.

T3 – CBL iníoctha

Bíonn CBL iníoctha do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a bhíonn an figiúr T1 níos mó ná an figiúr T2. Is é an méid iníoctha ná an difríocht idir an dá fhigiúir.

T4 – CBL inaisíoctha

Bíonn CBL inaisíoctha duit nuair a bhíonn an figiúr T2 níos mó ná an figiúr T1. Is é an méid inaisíoctha ná an difríocht idir an dá fhigiúir.

Mura bhfuil aon CBL iníoctha nó le haiséileamh agat sa tréimhse chánach, ní mór an VAT3 a sheoladh ar ais agus luach nialasach curtha isteach ag T1, T2 T3 agus T4.

Tabhair do d'aire: Ná cuir ‘náid' isteach ar líne ar bith.

E1 – Soláthairtí earraí laistigh den AE

Is é seo luach iomlán na n-earraí a seoladh chuig custaiméirí i dtíortha eile san AE.

E2 – Fáltais earraí laistigh den AE

Is é seo luach iomlán na n-earraí a bhfuarthas ó sholáthraithe i dtíortha eile san AE.

ES1 – Soláthar seirbhísí laistigh den AE

Is é seo luach iomlán na seirbhísí a soláthraíodh do chustaiméirí i dtíortha eile san AE.

ES2 – Fáltas seirbhísí laistigh den AE

Is é seo luach iomlán na seirbhísí a fuarthas ó sholáthraithe i dtíortha eile san AE.

Féach ar an treoir bhreise le heolas a fháil ar dhualgais tuairisceáin leictreonacha CBL a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh trí ROS.

Ar aghaidh: CBL a aisíoc