An Scéim CBL do Chógaiseoirí

Tá scéim Cáin Bhreisluacha (CBL) do chógaiseoirí i bhfeidhm do chógaiseoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil níos lú ná €1.5 milliún acu. Bunaíodh an scéim chun aghaidh a thabhairt ar saincheisteanna oibríochta áirithe i gcógaslanna. Aontaíodh an scéim idir na Coimisinéirí Ioncaim agus Aontas Cógaiseoirí na hÉireann (IPU).

Tá tuilleadh eolais ar an Scéim CBL do Chógaiseoirí le fáil sa rannán Treoir bhreise.