Soláthairtí measctha earraí agus seirbhísí

Tagann rialacha speisialta i bhfeidhm nuair a dhíolfar earra nó seirbhís amháin nó níos mó le chéile d’aon íocaíocht amháin.

Baineann sé seo le hábhar nuair atá gach ceann de na soláthairtí incháinithe ag ráta éagsúil Cánach Breisluacha (CBL). Mar phointe tosaigh, ní mór duit cinneadh a dhéanamh cibé acu atá tú ag déanamh ilsoláthar nó soláthar ilchodach.

Céard is ilsoláthar ann?

Is éard is ilsoláthar ann ná nuair a dhíoltar gach aon cheann de na míreanna le chéile do chomaoin amháin ach a fhéadtar a sholáthar go ar bhonn aonair ina gceart féin. Ciallaíonn é seo go bhféadtar gach cuid den soláthar a dhí-chomhcheangal go fisiciúil agus go heacnamaíoch ó chodanna eile den soláthar.

Ní mór an comaoin ar ilsoláthar a cionroinnt idir gach aon cheann de na soláthairtí aonair chun críocha CBL a ghearradh.

Céard is soláthar ilchodach ann?

Is éard is soláthar ilchodach ann ná cuid príomha chomh maith le comhchuid nó comhchodanna coimhdeach i gceist sa soláthar. Ní dhíolfaí go ginearálta na comhchodanna coimhdeacha ina n-aonar gan an chomhchuid cheannasach. Ní fhéadtar na comhchodanna coimhdeacha seo a dhí-chomhcheangal ón soláthar ceannasach go fisiciúil ná go heacnamaíoch.

Go ginearálta, tá an comaoin iomlán don soláthar ilchodach inmhuirir i leith CBL ag an ráta atá i bhfeidhm ar an gcomhchuid príomha.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL ar Sholáthairtí Measctha Earraí agus Seirbhísí le fáil sa rannán Treoir breise.