Costphraghas

Feidhmítear Cáin Bhreisluacha (CBL) ar an gcostphraghas ar a bhfuil a leanas:

  • Earraí urghafa ag duine ag gníomhú faoi údarás reachtúil.
  • Earraí inaistrithe feidhmithe ó úsáid incháinithe go húsáid dhíolmhaithe.
  • Earraí leithreasaithe chun úsáid phearsanta nó neamhghnó.
  • Earraí diúscartha saor ó mhuirear.
  • Earraí aistrithe ag daoine óna ngnóthas sa Stát go Ballstát eile den Aontas Eorpach chun críche a ngnó féin (soláthairtí brainse go brainse).
  • Seirbhísí lónadóireachta a sholáthar le haghaidh d’úsáid féin nó úsáid d’fhoireann, saor in aisce.
  • Úsáid earraí gnó do-aistrithe chun críche pearsanta nó neamh-gnó.

Níl CBL a thabhaítear ar cheannach na n-earraí nó seirbhísí san áireamh sa chostas.