Socruithe i leith stoc ar glao
Is téarma é socruithe i leith stoc ar glao a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar sholáthar earraí a tharlaíonn sna cúinsí seo a leanas:
- Earraí a iompraítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ach gan úinéireacht na n-earraí a aistriú go dtí dáta níos déanaí tar éis do na hearraí teacht isteach sa dara Ballstát
- Ag an tráth a iompraítear na hearraí chuig an dara Ballstát, is eol aitheantas an chustaiméara don soláthraí
- Nuair a thagann na earraí isteach chuig an dara Ballstát, coinnítear mar stoc iad agus déanann an custaiméir sin iad a íostarraingt, faoina dhiscréid féin ag tráth níos deireanaí.
Tá tuilleadh eolais ar chánachas CBL i leith stoc ar glao ar fáil sa rannán Treoir bhreise.