Cumhacht gabhála

Féadfaidh na daoine seo a leanas cumhacht gabhála faoin dlí Cánach Breisluacha (CBL) a fheidhmiú:

  • Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim atá údaraithe go speisialta lena aghaidh
  • Comhalta den Gharda Síochána.

Féadfaidh siad duine a ghabháil nuair atá forais réasúnta acu a chreidiúint go bhfuil cion coiriúil maidir le cáin déanta ag:

  • duine nach bhfuil bunaithe sa Stát
  • duine a chreidtear gur dócha go bhfágfaidh sé nó sí an Stát.