Cén uair a íocann na Coimisinéirí Ioncaim ús?

Ús ar aisíocaíochtaí cánach ag na Coimisinéirí Ioncaim

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ús a íoc ar aisíocaíochtaí Cánach Breisluacha (CBL) leat, sa chás:

  • go bhfuil toimhde iomrallach in oibriú na cánach déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim
  • go bhfuil moill níos mó ná 93 lá ar éileamh a phróiseáil a bhí go hiomlán comhlánaithe.

Is é an ráta úis ná 0.011% in aghaidh an lae, nó cuid de lá.

Céard is toimhde iomrallach ann in oibriú na cánach déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim?

Féadfaidh sé go n-eascródh sé seo as:

Nuair a dhéanann na Coimisinéirí ioncaim toimhde iomrallach in oibriú na cánach, ríomhtar an t-ús ar an gcaoi seo:

  • i gcás méid ró-íoctha, ríomhtar an t-ús ón lá a fhaightear an méid sin
  • i gcás méid in-aisíoctha ar bith eile, ríomhtar an t-ús ar cheann de na bealaí seo:
    • ón 19ú lá den mhí tar éis na tréimhse incháinithe ina mbeadh an t-éilitheoir i dteideal an méid a fháil
    • sa chás go dteastaíonn tuairisceán CBL, ón lá a fhaightear é sin, go dtí an dáta a aisíocann Na Coimisinéirí Ioncaim an méid.

Moilleanna riaracháin

Tá dualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim ús a íoc chomh maith sa chás nach ndearnadh aisíocaíocht CBL tar éis 93 lá a bheith imithe in éag ón dáta a fhaightear éileamh bailí i leith aisíocaíochta.

Íocfar ús ó dháta éaga na 93 lá go dtí an dáta a dhéantar an aisíocaíocht. Ní chuirfear san áireamh an tréimhse ina bhfuil comhfhreagras leanúnach leis an duine incháinithe maidir leis an éileamh.