Earraí daonnúla le haghaidh easpórtála

Féadann eagraíochtaí daonchairdis, i gcúinsí áirithe, aiséileamh a dhéanamh ar Cháin Bhreisluacha (CBL) a íocadh ar earraí cáilitheacha. Féadtar CBL a aiséileamh i leith na hearraí cáilitheacha seo a ceannaíodh sa Stát, nó iompórtáladh isteach sa Stát, agus a easpórtáiltear ina dhiaidh sin iad laistigh de cheithre mhí tar éis iad a bheith soláthraithe. Tá sé seo ar an gcoinníoll go n-úsáidtear na hearraí cáilitheacha i ngníomhaíochtaí daonnúla, carthanúla nó teagaisc na heagraíochta thar lear.

Ní mór éileamh ar aisíocaíocht a thíolacadh laistigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an t-éileamh. Ba chóir iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh ar Fhoirm CBL 73.