Soithí tarrthála ar muir agus ar uiscebhealaí intíre

Féadfaidh grúpaí cáilitheacha aiséileamh a dhéanamh ar Cháin Bhreisluacha (CBL) a tabhaíodh ar shoithí beaga ar muir nó ar uiscebhealaí intíre a ceannaíodh. Ní mór do shoithí beaga ar muir nó ar uiscebhealaí intíre a bheith 15 tonna olltonáiste nó níos lú.

Áiríonn sé seo trealamh foghabhálach agus foirgnimh speisialta bád a úsáidtear go heisiach i dtaca le tarrtháil nó cabhair ar muir nó ar uiscebhealaí intíre.

Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.

Ní mór iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh ar an bhFoirm VAT 70.