CBL ar bhusanna turasóireachta a aiséileamh
Ní fhéadann ach oibreoirí áirithe busanna turasóireachta CBL a tabhaíodh ar cheannach, ar éadáil laistigh den Chomhphobal, ar léasú nó ar fhruiliú busanna sonraithe a aiséileamh.
Príomhriachtanais
Le bheith incháilithe, ní mór duit:
- A bheith i d'oibreoir busanna tuarasóireachta a bhíonn ag iompar turasóirí ar bhóthar faoi chonarthaí d’iompar bóthair.
- A bheith comhlíontach le d'oibleagáidí cánach go léir, mar shampla, Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide (CC) agus Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC).
- Na busanna a úsáid chun turasóirí a iompar ar bhóthar faoi chonarthaí d’iompar bóthair. Ní mór an tréimhse úsáide a bheith ar feadh bliana amháin ón dáta ceannaigh, éadáil laistigh den Chomphobal, léasú nó fruiliú an bhus.
Ní cheadófar aon aisíocaíocht CBL i leith busanna a úsáidtear chun críche ar bith eile.
Ní mór gach iarratas ar aisíocaíocht CBL a thíolacadh laistigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.
Sampla
Ceannaíodh bus turasóireachta ar an 5 Meitheamh 2024. Is é 30 Meitheamh 2024 deireadh na tréimhse incháinithe. Ní mór éileamh ar aisíocaíocht a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2028.
Éileamh a dhéanamh
Ba chóir iarratais ar aisíocaíocht CBL ar bhusanna turasóireachta a dhéanamh tríd an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí. Chun d’éileamh a dhéanamh tríd an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí, beidh ort na nithe seo a leanas a sholáthar:
- An sonrasc ceannaigh bunaidh.
- Cóip den léas nó den chomhaontú fruilithe, in éineacht leis an sonrasc ceannaigh bunaidh.
- Admháil oifigiúil nó doiciméad eile ina ndeimhnítear an tsuim a íocadh, in éineacht leis an sonrasc a d'eisigh an soláthraí. Tá sé seo riachtanach i gcás éadála laistigh den Chomhphobal (ICA).
- Admháil oifigiúil nó doiciméad eile ina ndeimhnítear méid na cánach a íocadh, agus ina léirítear uimhir na hiontrála custam ábhartha. Tá sé seo riachtanach i gcás iompórtála.
- Deimhniú Imréitigh Cánach reatha.
- Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) agus Cód Aitheantais Bainc (BIC) do chuntais bainc.
- Cóipeanna de chonarthaí nó de shonraisc lena ndeimhnítear go bhfuil tú ag gabháil d'iompar turasóirí faoi chonarthaí d’iompar bóthair.
- Sonraí sonraíochta na feithicle.
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís
Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí moChuntas nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ach na céimeanna seo a leanúint:
- Cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ sa réimse ‘Mo Sheirbhísí’.
- Cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh r-Aisíocaíochta’.
- Sínigh isteach ar ROS nó sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar an rannán 'Íocaíochtaí nó ríomh-Aisaíocaíochtaí' ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar 'Déan éileamh'.
- Cliceáil ar 'CBL'.
- Cliceáil ar 'Foirm 71 – Oibreoirí busanna turasóireachta'.
Féadtar aon fhiosruithe a bhaineann le ríomh-Aisíocaíochtaí do bhusanna turasóireachta a thíolacadh trí M’Fhiosruithe ach na céimeanna seo a leanúint:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí nó ROS.
- Roghnaigh 'Ard-Bhaillitheoir'.
- Roghnaigh 'Aisíocaíochtaí CBL'.
- Roghnaigh 'CBL Neamhchláraithe (Feirmeoirí nó Oibreoirí Busanna Turasóireachta)'.